Fleadh Cheoil na hÉireann faoi sheol cois Feabhail

Tá Fleadh Cheoil na hÉireann faoi lán seoil i nDoire Cholmcille. Is í seo an chéad uair riamh ag an fhéile chlúiteach a bheith ó thuaidh den teorainn (seo an ceathrú bliain i ndiaidh a chéile di a bheith i gcúige Uladh tar éis bheith sa Chabhán roimhe seo).

Os cionn 430,000 duine a fhillfidh ar shráideanna Dhoire don Fhleadh an tseachtain seo agus meastar gur fiú £30 milliúin do gheilleagar na cathrach í.

Is í an Fhleadh príomhimeacht na Cathrach Cultúrtha 2013 ina mbeidh 1,600 oibrí deonach ag cuidiú le breis is 200 imeacht agus comórtas a reáchtáil.

Bronnfar Gradam Ard Ollamh na Fleidhe, (ceann de na gradaim is clúití sa cheol traidisiúnta) ar an fhliúiteadóir Marcas Ó Murchú siocair a chuid oibre mar mhúinteoir, mar staraí, mar chraoltóir agus mar chumadóir.

Is as Béal Feirste ó dhúchas do Mharcas, ach tá cónaí air le fada an lá i nDoire. Tá ceird an cheoil a múineadh aige ar fud na tíre le níos mó ná 30 bliain anuas.

Le linn na seachtaine, chaith muid lá i gcomhluadar Mharcais, a chlann agus muintir Dhoire agus d’fhiosraigh muid dúil mhuintir na cathrach sa trad agus tábhacht na Fleidhe daofa. Seo chugaibh toradh ár bhfiosraithe agus neart ceoil, craic agus cainte lena chois!

Fleadh Cheoil na hÉireann faoi sheoil i nDoire Cholmcille
Close
Close