Fleadh Cheoil na hÉireann faoi lán seoil in Inis!

Tá na sluaite ag bailiú in Inis an Chláir le haghaidh Fhleadh Cheoil na hÉireann 2016!

Chuir Uachtarán na hÉireann Mícheál D. Ó hUiginn tús oifigiúil le féile na bliana seo, agus na mílte i láthair le fáilte a chur roimhe agus roimh a bhean chéile Sabina.

Tionóladh Fleadh Cheoil na hÉireann in Inis dhá uair roimhe seo, in 1956 agus arís in 1977.

Os cionn 400,000 duine a fhillfidh ar shráideanna an bhaile don Fhleadh an tseachtain seo agus meastar gur fiú €38 milliún é don gheilleagar áitiúil.

I mbliana beidh suas le 6,000 iomaitheoir ag seinm, ag canadh nó ag damhsa chun Craobh na hÉireann a bhuachan, i 180 comórtas éagsúla ag an fhéile chlúiteach.

Bhí ár bhfísiriseoir Seán Ó Baoill in Inis chun an ceol, an damhsa agus an t-atmaisféar ar fad a bhlaiseadh…

Fleadh Cheoil na hÉireann faoi lán seoil in Inis!

I measc an cheiliúrtha i mbliana ceapadh an ceoltóir mór traidisiúnta Micheál Ó hAlmhain mar Ard-Ollamh Fhleadh Cheoil na hÉireann 2016.

Dóibh súid nach dtig leo a bheith i láthair i mbliana, craoltar FleadhTV beo ón bhFleadh ar TG4 gach oíche ag 8.30-11.30in go dtí an Domhnach. Lynette Fay, Cathy Jordan, Mairéad Ni Chuaig agus Tóla Custy a bheas á chur i láthair.

Close
Close