Féile Phan-Cheilteach 2018: Bua ag Éirinn sa Chomórtas Idirnáisiúnta Amhrán

Is i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, a bhí an 47ú Féile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach ar siúl i mbliana.

Is féile í a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, ceol, damhsa, teanga agus cairdeas na naisiún Ceilteach.

Bhí Ceiltigh as Alba, Breizh, Cymru, Éirinn, Mannin agus Kernow i láthair agus seachtain lán comórtas, imeachtaí, ceolchoirmeacha agus taispeántas ar siúl san iarthuaisceart.

Mar is gnáth, bhí an Comórtas Idirnáisiúnta d’Amhráin Nuachumtha ar cheann de bhuaicphointí na seachtaine.

Bhí ar na réigiúin Cheilteacha cáiliú don bhabhta ceannais agus chuaigh ionadaithe na dtíortha san iomaíocht ansin don mhórdhuais in Amharclann an Ghrianáin.

Éire a bhain sa deireadh leis an amhrán 'Ar Saoire' leis an bhanna 'The Fast Company'. 

Bhí Meon Eile i láthair chun labhairt le hiomaitheoirí agus eagarthóirí ar an oíche.

Close
Close