Féile Mháire an Chlocháin Léith 50 bliain ar an fhód

Tá Féile Mháire an Chlocháin Léith ag ceiliúradh 50 bliain ar an fhód i mbliana.

Bhí go leor imeachtaí ar siúl mar chuid den fhéile seachtaine agus deirtear go raibh an cheolchoirm le Nathan Carter agus Daniel O’Donnell ina buaicphointe ag go leor.

Bhí oíche mhór cheoil eile ann san óstán ‘The Waterfront’ nuair a tháinig an grúpa Emmet Spiceland le chéile go speisialta don fhéile.

Bhain siad barr na gcairteacha amach lena leagan den amhrán ‘Mary From Dungloe’ sa bhliain 1968.

Chomh maith leis seo tháinig buaiteoirí Mháire an Chlocháin Léith ar fad le 50 bliain anuas le chéile le haghaidh Gala Ball.

Is í Alisha Medford, Máire Ghlaschú, a bhain 'Máire an Chlocháin Léith 2017’.

Cé gur togadh í i nGlaschú is as an cheantar dá hathair, a fuair bás dhá bhliain ó shin.

Tá Alisha ag teacht chuig an fhéile ó bhí sí ina girseach óg agus bhí lúcháir uirthi a bheith páirteach san fhéile i mbliana gan trácht ar an chomórtas a bhaint!

Beidh Alisha anois mar ionadaí don fhéile sa bhliain amach romhainn.

Close
Close