Féile Scoildramaíochta Bhéal Feirste

Féile Scoildramaíochta Bhéal Feirste

Rinneadh Féile Scoildramaíochta Bhéal Feirste a reachtáil i gColáiste Feirste ar na mallaibh.

Naoi nGaelscoil éagsúla ó chontaenta Aontroma agus an Dúin a chuaigh chun ardáin agus leithéid Shrek, Annaí agus Caisleán na dTaibhsí á léiriú acu.

Seo séú bliain na Féile atá mar réamhbhabhta do Chraobh Uladh a bheas ar siúl i Leitir Ceanainn ag deireadh na míosa seo.

Seo chugaibh blaisín d’aisteoireacht agus siamasaíocht na Féile chomh maith le caint ó na rannpháirtithe.

Féile Scoildramaíochta
Close
Close