Féile Píobaireachta William Kennedy - an cultúr Ceilteach á roinnt leis an óige

Reáchtáladh Féile Píobaireachta bhliantúil William Kennedy i gcathair Ard Mhacha le déanaí in omós an phíobadóra chlúiteaigh a d’éag i 1834.

Cuireadh tús leis an fhéile i 1994 agus ó shin i léith tá píobadóirí ó fud fad na cruinne ag tabhairt a n-aghaidh ar Ard Mhacha lena bpíobaí faoina n-ascaill acu.

D’fhreastail Meon Eile ar Lá na nGaelscoileanna nuair a roinn Nell Ní Chróinín, Conall Ó Cuirreáin agus Ruaidhrí Greamach damhsa na hAlban, an ceol Gaelach agus píobadóireacht na nGael le hos cionn 200 páiste ó Ghaelscoileanna éagsúla an tuaiscirt.

Seo chugaibh blaiseadh d’imeachtaí an lae.

Feile William Kennedy
Close
Close