Féile na Samhna agus sean-chleachtais mhuintir na Gaeltachta

Oíche faoi léith is ea oíche Shamhna, oíche phisreogach, gheasrógach ar a mbíonn eagla roimh rudaí neamhshaolta. Fosta, lá mór do Chríostaithe atá ann agus tugtar ómós do na mairbh.

B’as féile phágánach a d’eascair an fhéile Chríostaí agus le himeacht ama tháinig na scéalta sí i gcomharbacht air seo.

San am i láthair bíonn an óige ag dul ó dhoras go doras ar lorg bob nó bia agus bíonn an dream níos sine gleasta i gcultacha bréaga ach cad é faoin dream a bhfuil cuimhne acu ar na laethanta a bhíodh ann?

Labhair Meon Eile le hEoghan Ó Curraighín, scéalaí as Gaeltacht Ghleann Cholm Cille faoina bpisreoga agus faoin chreideamh a bhíodh á chleachtadh ag bunú na tuaithe um Shamhna.

Samhan
Close
Close