Dráma Tony Devlin ar ardán sa Lyric

Dráma Tony Devlin ar ardán sa Lyric

Tá tús á chur le dráma nua ‘The Holy Holy Bus’ faoi stiúir an Ghaeil iomráitigh, Tony Devlin, in Amharclann an Lyric inniu.

Insítear scéal faoi cheathrar ban as Iarthar Bhéal Feirste – triúr acu Caitliceach agus bean amháin Protastúnach – a thugann faoi thuras naofa ó Chluan Ard go Cruach Phádraig agus iad ar lorg sóláis dá bhfadhbanna saoil.

Ní hé sólás na diagachta cúis thaisteal na mban, cluintear faoi eachtraí amaideacha, greannmhara agus goilliúnacha ar a gcamchuairt.

“Nuair a thug Pearse Elliot an ceann seo domhsa, shíl mé happy days. Ní dóigh liom go dtéann mórán fear ar an Holy Holy Bus,” arsa stiúrthóir an dráma Tony Devlin.

Seo súil chun tosaigh ar an dráma a bhéas ar siúl anois go ceann coicíse in Amharclann Lyric, ar an tSruthán Milis i mBéal Feirste…

Agallamh le Tony Devlin

Is as Iarthar Bhéal Feirste do Tony, a fuair a chuid oiliúna i scoil amharclannaíochta Mountview i Londain Shasana.

Tá clú air as siocair a chuid aisteoireachta ar stáitse, ar an scáileán beag agus leoga ar an scáileán mór fosta. Bhí páirteanna aige i Breakfast on Pluto, Hart’s War agus Band of Brothers.

Deich mbliana ó shin d’fhill sé ar chladaí na hÉireann chun dul i mbun aisteoireachta ar an tsraith ‘Marú’ ar TG4 agus tá a chomhlacht amharclannaíochta féin, Brassneck Theatre, faoi sheol aige le hocht mbliana anois.

Close
Close