Dráma raidió dhaltaí Choláiste Feirste

Dráma daltaí Choláiste Feirste ar an Raidió / Sarah de Búrca

Tá Bríd Ó Gallchóir i gceannas ar Aisling Ghéar, an Compántas Amharclainne Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

Rinneadh nasc idir Aisling Ghéar, Raidió Fáilte agus Coláiste Feirste ar na mallaibh le dráma a léiriú ar an raidió.

Is rud faoi leith é dráma raidió mar go gcaithfidh na haisteoirí bheith ag smaoineamh ar rithim a nglórtha thar aon rud eile.

Scríobh daltaí ó Choláiste Feirste chomh maith le Bríd an dráma dar teideal ‘An Chéad Lá’ agus é bunaithe ar scéal a bhaineann leis an scoil.

Beidh ‘An Chéad Lá’ le cloisteáil ar Raidió Fáilte, 107.1FM Dé Sathairn 22 Nollaig ar 3in.

Close
Close