Cultúrlann Uí Chanáin ag ceiliúradh 5 bliana ar an fhód

Tá Cultúrlann Uí Chanáin, i nDoire Cholm Cille, ag ceiliúradh cúig bliana ar an fhód i mbliana. Tá tionchar mór imeartha ag an Chultúrlann ar shaol na Gaeilge sa chathair sa tréimhse sin.

Sula raibh an Chultúrlann ann ní raibh mórán áiteanna ag Gaeil na cathrach chun theacht le chéile ach tá sé sin athraithe anois le háiseanna agus spás den scoth ann ar Mhórshráid Shéamais. Ní amháin go mbíonn ranganna Gaeilge ar siúl acu ach ranganna damhsa, ceoil, sean-nóis agus eile.

Tá an méid sin daoine ag freastal ar ranganna agus imeachtaí na Cultúrlainne anois go bhfuil brú spáis ann. Duirt Gearóid Ó hEára, Príomhfheidhmeanach Chultúrlann Uí Chanáin, gur shíl siad ar dtús go mbeadh go leor spáis acu ann ar feadh 15 bliain ach go bhfuil orthu amharclann úr a thógáil cheana féin.

I measc na ndaoine a bhí ar cuairt sa Chultúrlann nuair a bhuail Meon Eile isteach ná Labhrás Ó Múrchú, Ardstiúrthóir Chomhaltas Ceoltóirí Éireann agus Máirtín Ó Muilleoir, MLA.

Fuair Meon Eile déis labhairt leo agus tuairmí s’acu sin a fháil ar an Chultúrlann.

Cultúrlann Uí Chanáin ag ceiliúradh 5 bliana ar an fhód
Close
Close