Cuir tús maith spleodrach leis an lá le Morning Gloryville

Thosaigh Morning Gloryville amach i Londain sa bhliain 2013 agus ba é an chéad réabh maidine saor ó alcól a bhí ann.

Ó shin tá fás agus forbairt tagtha ar an choincheap agus tá sé anois ag dul ar aghaidh ar fud an domhain.

Is dóigh bhríomhar agus spreagúil é Morning Gloryville chun tús a chur leis an lá amach romhat.

Chomh maith le ceol réabh, bíonn ranganna ióga agus suathaireacht ar fáil mar aon le bia folláin agus caoineog torthaí ar díol.

Chaith Meon Eile maidin i gcuideachta lucht Morning Gloryville Bhaile Átha Cliath i gClub ‘The Hanger’ le déanaí.

Bíonn sé ar siúl ar an Chéadaoin dheireanach do gach mí. Seo mar a bhí..

Morning Gloryville Bhaile Átha Cliath

Ba hiad Chris Flack agus William Meara atá i gceannas ar Morning Gloryville Bhale Átha Cliath le dhá bhliain anuas.

Tá an bheirt acu anois faraor ag éirí as le tabhairt faoi thionscadal úr www.unplug.ie

Tá Morning Gloryville Bhaile Átha Cliath sa tóir ar cheannairí úra leis an imeacht a reáchtáil san Ardcháthair. Má tá suim agatsa ina leithéid teigh i dteagmháil leo tríd [email protected]

Close
Close