Cúinne Comhrá, Féile na Gealaí 2018: Niteworks

Inniu cuireann muid deireadh lenár sraith 'Cúinne Comhrá' ó Fhéile na Gealaí 2018.

Le linn na sraithe chas ár bhfísirieoirí Seán agus Caoimhe le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír agus níos faide i gcéin ag Féile na Gealaí 2018.

An tseachtain seo, tá Seán i gcuideachta Ruairidh Graham, drumadóir ón ghrúpa ceoil Albanach, Niteworks.

Bíonn Ruairidh ag seinm i gcuideachta Allan MacDonald, Christopher Nicolson agus Innes Strachan sa bhanna nuálach a mheascann liricí i nGaeilge na hAlban le ceol leictreonach.

Tá Niteworks ag dul ó neart go neart ó d’éisigh siad a gcéad EP in 2011 agus ó shín tá album eisithe acu agus cúpla gradam buaite acu. 

Bhí luachair mhór ar choiste Fhéile na Gealaí go raibh Niteworks ábalta a bheith i láthair i mbliana agus is léir gur bhain an lucht feachána sult nach beag as a bheith ag éisteacht leo!

Close
Close