Cúinne Comhrá, ag Féile na Gealaí 2018 ... Emma Ní Fhíoruisce

Tá muid ar ais an tseachtain seo le heagrán eile de 'Cúinne Comhrá' ó Fhéile na Gealaí 2018.

Sa tsraith seo beidh ar bhfísirieoirí Seán agus Caoimhe ag caint le cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír agus níos faide i gcéin.

An tseachtain seo tá Seán i gcuideachta an Chonallaigh álainn, Emma Ní Fhíoruisce.

Ceoltóir ildánach í Emma a mbíonn go leor uirlisí á seinm aici, gan trácht ar a glór binn galánta.

Chuaigh sí ó neart go neart leis an ghrúpa ‘An Crann Óg’, áit a bhfuair sí spreagadh agus misneach i measc a comrádaithe ceoil.

Bíonn Emma ag cumadh a cuid amhrán féin agus baineann sí an-sult as a bheith ag aistriú amhrán clúiteach go Gaeilge chomh maith.

Faoi láthair tá Emma gnóthach sa stiúideo agus í ag taifeadadh a céad albaim…

Close
Close