Corn Uí Chon Cheanainn buaite ag Eoghan Ó Ceannabháin

Corn Uí Chon Cheanainn buaite ag Eoghan Ó Ceannabháin

Tá Eoghan Ó Ceannabháin as Dún Droma i mBaile Átha Cliath ar an chéad bhuaiteoir ar Chorn Uí Chon Cheanainn, comórtas amhránaíochta ar an seán-nós do mhic léinn tríú leibhéal.

Eagraíodh an comórtas in omós do Chiarán Uí Chon Cheanainn i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath ar an Satharn seo caite. Bhí Ciarán ina fhear léinn agus ina amhránaí chlúiteach sular bhásaigh sé i 2009.

An bhliain sula bhfuair sé bás, bhí sé i measc na mbuaiteoirí is óige ariamh ar Chorn Uí Riada nuair a bhuaigh sé an corn clúiteach seán-nóis i 2008.

Trí dhuine dhéag a ghlac páirt sa chomórtas a eagraíodh ina onóir ar an Satharn seo caite, bean ón Bhrasaíl ina measc. Seo chugaibh buaicphointí an chomórtais, chomh maith le caint ó chlann agus cairde Chiaráin faoin lorg a d’fhág sé ar shaol an tséan-nós…

Corn 2015
Corn Uí Chon Cheanainn buaite ag Eoghan Ó Ceannabháin
Close
Close