Coláiste Bhríde – oidhreacht á ceiliúradh in Ó Méith Mara

An deireadh seachtaine seo caite rinneadh ceiliúradh ar chomóradh céad bliana ó bunaíodh Coláiste Bhríde i gceantar Uí Mhéith, Co. Lú.

Ba í seo an tríú cuid den chomóradh a eagraíodh i gceantar Oirialla agus thug Meon Eile cuairt ar imeachtaí an Domhnaigh.

D’fhreastail na céadta ar imeachtaí an deireadh seachtaine idir oíche cheiliúrtha na hAoine agus ’Limistéar Gaeltachta’ an tSathairn.

Ba iad Cumann Staire Uí Méith, Ciorcal Comhrá Óméith agus Gaeltacht Oirdheasceart Uladh a d’eagraigh na hócáidí.

Seo blaiseadh den chomóradh ón aifreann Gaeilge agus aonach ceardaíochta go rasaí na gcurrach agus tiomáint na gcarranna seanré.

Le linn an lae labhair muid le bunadh na háite faoin chomóradh féin agus faoi bhéaloideas an cheantair.

Coláiste Bhríde – oidhreacht á ceiliúradh in Ó Méith Mara / Shane Ó Curraighín
Close
Close