Coimicí Gael sa Chultúrlann

Coimicí Gael sa Chultúrlann

Is cartúnaí cumasach é Aidan Courtney a chuir tús le Coimicí Gael, foireann a fhoilsíonn greannáin do pháistí i nGaeilge le tacaíocht ó Fhoras na Gaeilge.

Bhí suim mhór ag Aidan i ngreannáin ó bhí sé an-óg agus theastaigh uaidh tuilleadh ábhair a chur ar fáil trí mheán na Gaeilge.

Chaith sé seal i gCeanada agus chonaic sé cé chomh fusa is a bhí sé dó teangacha eile ar nós na Fraincise a thuigbheáil agus scéalta scríofa i bhfoirm greannáin.

Shíl sé gur bealach iontach a bheadh ann chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

Tá eagráin de ‘Rí Rá’ agus ‘Ruaille Buaille’ anois foilsithe ag Coimicí Gael le líon mór cartúnaithe, scríbhneoirí agus dearthóirí ag obair orthu.

Téann Aidan timpeall na tíre fosta ag tabhairt ceardlanna do pháistí scoile.

Thug sé cuairt ar an Chultúrlann i mBéal Feirste le déanaí agus bhuail Meon Eile leis agus le daltaí Ghaelscoil na bhFál ann.

Coimicí Gaeil
Close
Close