Celtic Connections 2018 - Ag ceiliúradh 25 bliain ar an fhód

Tá Celtic Connections, féile cheoil thraidisiúnta agus dhomhanda i nGlaschú, ag ceiliúradh cúig bliana is fiche ar an fhód i mbliana.

Ardán don cheol Ceilteach é a mheallann na sluaite ó achan chearn den domhan agus a chuireann fáilte roimh os cionn 2000 ceoltóir ar feadh 18 lá na féile. 

Tá gné an oideachais lárnach san fhéile agus chomh maith le ceolchoirmeacha, seisiúin agus taispeántais cheoil, is iomaí rang agus ceardlann a bhíonn ar siúl le linn Celtic Connections.

Tá nasc láidir idir Alba agus Éire, Alba agus Ulaidh go háirithe, agus achan bhliain bíonn lear mór Éireannach ag triail ar Ghlaschú do Celtic Connections agus bíonn an Ghaeilge agus an Ghàidhlig le cloisteáil go minic ag imeachtaí ar leith.

Chuaigh Meon Eile anonn go Glaschú chun blaiseadh a fháil de Celtic Connections agus chun labhairt leis an lucht eagraithe, ceoltóirí agus cuairteoirí.

Beidh Celtic Connections ar siúl i nGlaschú go dtí an 4 Feabhra.

Is féidir tuilleadh eolais a fháil anseo.

Close
Close