Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an Phiarsaigh.

Rinne muintir Choláiste na Trionáide ceiliúradh ar an mallaibh ar shaol agus ar shaothar an Phiarsaigh.

Tháinig scaifte breá le chéile i Músaem an Phiarsaigh i mBaile Átha Cliath, an suíomh céanna inar bhunaigh an Piarsach an scoil cháiliúil lán-Ghaeilge Scoil Éanna.

Chaith an slua a bhí i láthair maidin shultmhar i gcuideachta le mic léinn ó scéimeanna cónaithe Gaeilge an Choláiste agus baill den Chumann Gaelach.

Bhí turas ar fáil trí Ghaeilge ar an lá, é dírithe ar oidhreacht oideachais agus chúltútha Phádraig Mhic Phiarais, chomh maith le scoth an cheol agus dramaíochta.

Mar chuid den ócáid speisialta rinneadh léiriú ar an drama nua-scríofa ‘An Trocailiín Donn’.

Scríofa agus léirithe ag Úna Ní Artaigh tá an dráma seo bunaithe ar an aon chás cúirte amháin a raibh Pádraig Mac Piarais mar abhcóide air.

Ionchúisíodh fear as Dún na nGall, Niall Mac Giolla Bhríghde, in 1905 de bharr go raibh na litreactha ar thaobh a chairt sa chló Gaelach.

Seo an méid a bhí le rá ag lucht Choláiste na Tríonóide faoinar fhoghlaim siad agus iad ag tabhairt faoin tógra.

Ceiliúradh ar shaol agus ar shaothar an Phiarsaigh.
Close
Close