'Bród Bhéal Feirste’ ag dul ó neart go neart

Tá ‘Belfast Pride’ ar cheann de na féilte is mó in Éirinn a dhéanann ceiliúradh ar an phobal leispiach, aerach, déghnéasach agus trasinscneach, agus a chothaíonn feasacht ar a gcearta.

I mbliana maireann an fhéile ó 28 Iúil go 4 Lúnasa agus cuirfear críoch leis le hócáid spelodrach dhathannach, ‘Paráid an Fharraige’.

Bhí ‘Bród Bhéal Feirste 2011’ ar an fhéile is mó go dtí seo le beagnach 25,000 duine ag glacadh páirte ann agus táthar ag súil go mbeidh imeachtaí na bliana seo níos mó agus níos fearr arís eile.

Bród Bhéal Feirste
Close
Close