Blaiseadh den Fhéile Phan-Cheilteach 2018

Is i Leitir Ceanainn, Co. Dhún na nGall, a bhí an 47ú Féile Idirnáisiúnta Phan-Cheilteach ar siúl i mbliana.

Is féile í a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, ceol, damhsa, teanga agus cairdeas na naisiún Ceilteach.

Bhí Ceiltigh as Alba, Breizh, Cymru, Éirinn, Mannin agus Kernow i láthair agus seachtain lán comórtas, imeachtaí, ceolchoirmeacha agus taispeántas ar siúl san iarthuaisceart.

Bhí Meon Eile i láthair chun blaiseadh den fhéile a fháil. Seo cuid de bhuaicphointí na seachtaine...

Close
Close