Ar chúl an cheamara - An Focal Scoir

Anocht cuirfear tús leis an tsraith úrnua, ‘An Focal Scoir' ag 10in. ar BBC 2 TÉ.

Sa tsraith úr seo beidh plé agus anailís ar roinnt scéalta agus topaicí leathanréimseacha atá tábhachtach don lucht féachana i dTuaisceart Éireann.

Gach seachtain beidh láithreoir na sraithe, Máire Bhreathnach, i gcuideachta painéil d’iriseoirí agus de thráchtairí sóisialta, ar nós Póilín Ní Chiaráin, an Dr Art Hughes, Íte Ní Chionnaith agus neart eile.

Beidh réimse leathan ábhar le plé acu, an tsláinte mheabhrach, an cearrbhachas, agus deonú orgán. 

Beidh ár bhfísiriseoir féin, Seán Ó Baoill le feiceáil ann mar thuarisceoir. Beidh Seán ag déanamh tuairisceoireacht ar thuairimí an phobail ar na topaicí éagsúla a bheidh á bplé againn.

Bhí Seán i mBéal Feirste agus iad i mbun taifeadta sa stiúideo… seo chugaibh ‘Ar Chúl an Cheamara - An Focal Scoir’



Is léiriú teilifíse de chuid Below The Radar é An Focal Scoir do BBC Gaeilge, le maoiniú ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge de chuid Scáileán Thuaisceart Éireann.

Close
Close