An tSeandálaíocht á cur i dtreo na hóige i mBéal Feirste

Tá páistí bunscoile agus meánscoile tar éis taispeántas seandálaíochta a chur ar fáil do phobal Bhéal Feirste bunaithe ar sheanchleachtais na gCeilteach.

D’eagraigh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ceardlann seandálaíochta i gcomhpháirt leis an ghrúpa Seandálaíochta Breochloch Community Archaeology. Rinne páistí ó scoileanna an tuaiscirt potaireacht agus samhail mhórscála de shéadchomhartha ársa a athchruthú.

D’fhreastal Meon Eile ar na ceardlanna fosta. Seo chugaibh cruthú an taispeántais agus caint ó lucht a eagraithe agus lucht a fhreastalaithe.

Seandálaíocht agus an óige / Shane Ó Curraighín

Tá an taispeántas ar oscailt don phobal i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich go deireadh na míosa.

Close
Close