"An Treoir do Mhúrphictiúir Bhéal Feirste" le seoladh ag Fleadh Feirste

"An Treoir do Mhúrphictiúir Bhéal Feirste" le seoladh ag Fleadh Feirste

Is cuid lárnach de stair agus de chultúr Bhéal Feiste iad na múrphictiúir atá le feiceáil go soiléir i ngach cearn den chathair.

Mar thoradh air sin, tá leabhar curtha le chéile ag an treoraí turais agus tiománaí tacsaí, Rab Kerr, ina bhfuil sonraí agus treoracha GPS do na múrphictiúir is aitheanta agus is cáiliúla sa chathair.

Thug Meon Eile cuairt ar iarthar na cathrach chun bualadh leis an údar, agus le fear eile a bhfuil eolas cuimsitheach aige faoi mhúrphictiúir Bhéal Feirste…

"An Treoir do Mhúrphictiúir Bhéal Feirste" le seoladh mar cuid de Fleadh Feirste

Tá an leabhar ar fáil i mBéarla agus i nGailge, é dírithe ar thurasóírí is mó, agus dar le Rab, “Cuirfidh sé le heispéireas na mílte duine a thagann anseo chun níos mó a fháil amach faoin oidhreacht agus cultúr atá againn, tríd na múrphictiúir”.

Seolfaidh an tAire Carál Ní Chuilín an leabhar go hoifigiúil ag 3:00in amárach ag Cultúrlann Mac Adam Ó Fiach, mar cuid de Fleadh Feirste.

Close
Close