An Taibhdhearc; amharclann náisiúnta na Gaeilge oscailte arís

Tharla tubaiste uafásach i dTaibhdhearc na Gaillimhe cúig bliana ó shin nuair a chuaigh an seomra glas trí thine. Bhí an áit scriosta agus ní raibh an dara rogha ag foireann na hamharclainne ach na doirse a dhúnadh.

Cé go raibh an Taibhdhearc dúnta, lean an fhoireann dhíograiseach ar aghaidh. Léiríodh drámaí in áiteanna éagsúla, Seanscoil Sailearna, Indreabhán ina measc.

Tar éis go leor oibre agus neart airgid a bhailiú, d’oscail Amharclann Náisiúnta na Gaeilge don phobal arís le déanaí. Bhí Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUiginn i láthair don ócáid speisialta seo.

Beidh neart ag tarlú sa Taibhdhearc amach anseo; beidh féilte na Gaillimhe ag baint úsáide as an spás idir seo agus mí na Samhna, beidh léiriú le Moonfish ar an ardán chomh maith le féile snagcheoil. Beidh Salómé le Splódar ar siúl i mí na Samhna mar sin is cinnte go mbeidh aisteoireacht den scoth le feiceáil arís ar stáitse na Taibhdheirce.

An Taibhdhearc; amharclann náisiúnta na Gaeilge oscailte arís / Sarah de Búrca
Close
Close