Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar ais ar an ardán Aoine an Chéasta!

D’oscail Amharclann Ghaoth Dobhair a doirse don phobal arís trí seachtaine ó shin, an chéad uair le 10 mbliana anuas.

Dhruid an amharclann siocair contúirtí sláinte agus sábháilteachta, agus bhí an grúpa drámaíochta amaitéaraí, Aisteoirí Ghaoth Dobhair, fágtha gan baile buan dá bharr.

Tá clú ar Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar fud na tíre agus is iomaí dráma den scoth atá léirithe acu síos tríd na blianta.

Mar chuid den athoscailt, d'fhill Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar an ardán den chéad uair ó druideadh an Amharclann, leis an dráma ‘Sadhbh’, dráma mór le rá le John B. Keane, a chur ar an ardán.

Eve Ní Dhoibhlín a bhí sa phríomhról agus í i gcuideachta scoth na n-aisteoirí; Suzanne Ní Ghallchóir, Eoghan Mac Giolla Bhrighde, Cathal Ó Gallchóir, Seán Ó Gallchóir, Colm Mac Giolla Easbuic, Aodán Ó Cearbhaill, Beirní Ní Dhuibhir agus Conor Ó Gallchóir. 

Ba é Pól Mac Cumhaill, Cathaoirleach Choiste Amharclann Ghaoth Dobhair, a bhí a bhí i mbun stiúrtha.

Chaith Meon Eile lá ina gcuideachta agus iad i mbun cleachtaidh roimh an chéad léiriú.


Ba í Áine Nic Giolla Bhríde, nó Annie Chonaill mar ab fhearr aithne uirthi, a d’aistrigh an dráma go Gaeilge ar ais sna 60í.

Tá ardmholadh ag dul do Phól agus na haisteoirí ar fad as an léiriú cumhachtach agus ionraic a thug siad, agus bhí sé breá soiléir gur bhain an lucht féachana an-sult as, agus an teach lán go béal ar an dá oíche.

Fillfidh na haisteoirí ar ardán Amharclann Ghaoth Dobhair arís Aoine an Chéasta le léiriú eile den dráma ‘Sadhbh’. 

Tuilleadh eolais le fáil ANSEO

Close
Close