Aisling? An Ród Romhainn

Seó cultúir é ‘Aisling? An Ród Romhainn’ ina bhfuil scéal na Gaeltachta á fhiosrú go taibhsiúil le saothar nuachoimisiúnaithe ó ealaíontóirí éagsúla, ina measc Méabh Ní Bheaglaoich, Pól Ó Ceannabháin, Eoghan Mac Giolla Bhríde agus Máiréad Ní Mhaonaigh.

Is é an scannánaí agus an scríbhneoir aitheanta Darach Mac Con Iomaire atá ina stiúrthóir ar ‘Aisling?’.

Bhí seans eile ag daoine thart ar cheantar Ghaoth Dobhair an léiriú a fheiceáil arís ag seimineár ildánach de chuid Ealaín na Gaeltachta le déanaí agus bhí an t-ádh ar fhoireann Meon Eile freastal ar an oíche.

Close
Close