Ag tabhairt faoi sheóanna grinn ar a bhoinn

Ag tabhairt faoi sheóanna grinn ar a bhoinn

Bhí suim i dtólamh agam in stand up ach cad é in ainm Dé atá mé a dhéanamh i mo sheasamh ar ardán ag iarraidh cár gáire a chur ar aghaidh gach uile dhuine sa tseomra!?!? Sin an chéad rúd a shíl mé agus mé i mo sheasamh thuas ansin. An dara rud a rith fríd m’intinn cad é a dhéanfainn mé mura mbíodh duine ar bith ag gáire.

Ach, tá mé ag marú an fhia sula bhfeicim é. I ndiaidh bliain gharbh bheith agam in 2014, rinne mé cinneadh go mbeadh 2015 ina bliain dhearfach. Gheall me dom féin go mbeinn ag déanamh rudaí dom féin agus go ndéarfainn beidh/sea/tá le achan cheist dá gcuirfí orm i rith na bliana – ach gan dabht thiocadh liom ‘níl’ a rá fosta! Tá giota céille agam!

Chuala mé ó Ghaeil Bhéal Feirste go raibh dianchúrsa grinn ar siúl sa chathair agus dúirt daoine liom é a dhéanamh – Dúirt mé go ndéanfainn. £60 díolta agus m’ainm thíos le é a dhéanamh thosaigh an buaireamh agus an brú! Ar an chéad oíche, bhí mé ar bís agus scanraithe agus cha raibh mé i ndoigh ar bith níos fearr nuair a bhí orainn seasamh ós comhair achan duine sa rang agus cead acu ceist ar bith a chur orainn. Bhí rudaí seacht n-uaire níos measa mar go raibh iarstócach de mo chuid ar an chúrsa. Buíochas le Dia bhí múineadh air agus b’éigean dom féin múineadh a bheith orm mar an gcéanna.

Nuair a bhí mé ag caint le daoine taobh amuigh den chúrsa dúirt achan duine liom “Beidh sin deacair, ní bhíonn na mná greannmhar. Caithfidh tú a bheith dhá uair chomh greannmhar leis na fir”. Agus dúirt níos mó na duine amháin liom “Ná labhair fá mhíostrú” – Cad é in ainm Dé a shíl daoine a bhí mé ag gabháil a labhairt air!?! Ar an drochuair, bhí an ceart ag an chéad duine sin. Tá sé níos deacra do mhná, síleann cuid mhór daoine nach mbeidh muid greannmhar agus go mbeidh muid ag labhairt faoi abhair atá dírithe ar mhná. Leoga, má bhíonn bean ghrinn greannmhar an chéad rud a deir daoine ná "bhí sí greannmhar mar le bean.”

Ar an dara hoíche den chúrsa dúradh linn go mbeadh muid ag déanamh ár gcéad stand up an tSatharn i ndiaidh dúinn an cúrsa a chríochnú. Bhí orainn neart a scríobh agus seasamh ós comhair an ghrúpa agus píosa beag a dhéanamh ag obair i dtreo píosa a bhí greanmhar agus ocht mbomaite ar fhad (agus gan bhaint ná pháirt aige leis an mhíostrú). Thug mé faoi deara go luath nár bhain mé sult as bheith ag magadh fá dhaoine eile agus thomhais mé go raibh mé níos fearr ag labhairt orm féin agus ar na gnáthrudaí a tharlaíonn i mo shaol.

I ndiaidh sé seachtaine fhada, le mo chroí i mo bhéal agus neart ábhair scríofa, pléite agus caite amach, bhí an lá mór buailte liom. Tháinig m’ám le seasamh ar an ardán agus mé féin a chur chun tosaigh. Iontas na n-iontas bhí daoine ag gáire agus cha ndearna mé oiread agu magadh míostraithe amháin!

Tá an cúrsa grinn á reáchtáil ag Graeme Watson ó The Infinite Jest agus Seedhead Arts. Tá tuilleadh eolais le fáil ar leathanach Facebook s’acu fosta.

Close
Close