Ag sruthú ceoil ar fud na cruinne

Ag sruthú ceoil ar fud na cruinne
Livetrad.com

Seoladh LiveTrad.com i mí na Márta 2010. Is suíomh gréasáin faoi leith é a bhíonn ag sruthú ceol traidisiúnta beo ar líne. Cludaíonn LiveTrad.com seisiúin cheoil chomh maith le ceolchoirmeacha agus féilte móra, Fleadh Cheoil na hÉireann ina measc. Tá lucht leanúna ar fud na cruinne ag an suíomh agus is iontach an deis é dóibh siúd nach bhfuil in Éirinn ach atá go fóill ag iarraidh teacht ar an gceol traidisiúnta. Is féidir le LiveTrad.com craoladh ardghléine a dhéanamh leis an teicneolaíocht ar fad atá acu. Bíonn lucht leanúna LiveTrad.com ábalta teacht ar an gceol beo nó ina dhiaidh mar gheall ar an gcartlann atá acu ar an suíomh.

Close
Close