5 fhíseán ealaíne is mó ó 2017

Bliain mhór ab ea í 2017 ó thaobh na healaíne, ceoil agus cultúir de. Seo súil siar ar chúig cinn de na físeáin cheoil agus chultúir is mó a raibh tóir orthu ar Meon Eile i mbliana… Bain sult astú!

Ceol, craic agus cuideachta den scoth ag Féile na Gealaí i Ráth Chairn Glas na Mí

Chruinnigh Gaeil ó gach cearn den tír le chéile i Ráth Chairn Glas na Mí i mbliana le haghaidh Féile na Gealaí, féile cheoil agus champála lánGhaeilge.


Glórtha Uladh - Ard Mhacha Theas

Chuir muid tús le sraith úr cheoil darb ainm ‘Glórthaí Uladh’ i mbliana.

San eagrán seo thíos tá Bláithín agus Piaras ag déanamh cur síos ar an amhrán ‘Séamus Mac Murchaidh’ agus 'Oíche Fá Fhéile Bhríde' agus ar oidhreacht shaibhir cheantar Oirialla.


Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar ais ar an ardán Aoine an Chéasta!

D’oscail Amharclann Ghaoth Dobhair a doirse don phobal arís i mbliana, an chéad uair le 10 mbliana anuas.

Mar chuid den athoscailt, d'fhill Aisteoirí Ghaoth Dobhair ar an ardán den chéad uair ó druideadh an Amharclann, leis an dráma ‘Sadhbh’, dráma mór le rá le John B. Keane, a chur ar an ardán.


Liú Lúnasa 2017 - Féile Imeall-Chultúir Bhéal Feirste

Don tríú bliain as a chéile cuireadh clár leathan agus spleodrach le chéile d'fhéile imeall-chultúir Bhéal Feirste, Liú Lúnasa. 


Gradam Scríbhneoireachta BBC-Stewart Parker bronnta ar Aisling Ghéar

Cúis chéilúrtha a bhí ann do BBC Thuaisceart Éireann iad féin mar go bhfuil an duais Ghaeilge de chuid Ghradaim Stewart Parker, Gradam Scríbhneoireachta BBC, 20 bliain ar an fhód chomh maith.


Close
Close