28 cumann óige bunaithe ó thuaidh - forbairt réigiúnda mar mhórsprioc

‘Forbairt réigiúnda ar fud an tuaiscirt’ ab ea an mhórthosaíocht ag cruinniú cinn bliana Fhóram na nÓg an tseachtain seo.

Tá 28 cumann óige Gaeilge ag feidhmiú faoi scáth Fhóram na nÓg atá aitheanta ag an Roinn Oideachais le hobair ar son grúpaí óige Gaeilge an Tuaiscirt.

I gcaitheamh an gheimhridh, bhronn an tAire Oideachais, John O’Dowd £130,000 ar Fhóram na nÓg leis an earnáil óige Gaeilge a fhorbairt.

Deir Caoimhín Mac Giolla Bhéin, Caithaoirleach an Fhóraim, go bhfuil tuilleadh forbartha roimh an eagraíocht.

“Cuireadh £130,000 ar fáil dúinn, tugadh sciar d’achan cheantar boird agus bhí £20,000 fágtha ar bhonn réigiúnda ar mhaithe le cúrsaí forbartha.

“Tá cumainn óige úra le toiseach san earrach amach anseo. Níl ach fostaí amháin ag obair leis na cumainn réigiúnacha faoi láthair. Teastaíonn uainn daoine a fhostú ar bhonn réigiúnda le seirbhísí óige a chur ar fáil do chlubanna óige agus stócaireacht a dhéanamh ar a son.”

Ba mar gheall ar bhrú ón phobal a cheadaíodh deontas forbartha don Fhóram don chéad uair i 2009.

Is iad an Chomhairle Óige atá ina fhó-eagraíocht de chuid na Roinne Oideachais atá ag maoiniú obair an Fhóraim.

“Tá comhaontú ann idir Fóram na nÓg, Comhairle na Gaelscolaíochta agus an Chomhairle Óige go ndéanfaidh Fóram na nÓg bainistiú ar an obair ach tá Comhairle na Gaelscolaíochta ag déanamh riar ar an airgead.

“Ta siadsan ag cur seirbhísí acmhainní daonna ar fáil dúinn go dtí go bhfuil na struchtúir againne leis sin a dhéanamh muid féin. Ach, tá muid chor bheith ann,” arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin.

Tá Club Oige an Iúir i measc na gcumann óige Gaeilge nuabhunaithe ó thuaidh. Thug Meon Eile cuairt orthu ar na maillibh lena gcuid oibre a fhiosrú….

Fóram na nÓg
Close
Close