Cosc ar chaitheamh tobac faoin aer á mholadh, ach an nglacfar leis?

In 2004 bhí Éire ar an chéad tír ar domhan chun dlí a thabhairt isteach chun cosc a chur chaitheamh tobac san áit oibre.

Ó shin i leith tá gach iarracht á déanamh ag Rialtas na hÉireann líon na ndaoine a chaitheann tobac a laghdú.

In 2016 tugadh dlí eile isteach a chuireann cosc ar dhaoine tobac a chaitheamh i gcarranna ina bhfuil páistí.

Sna siopaí caithfidh toitíní a bheith as radharc agus tá íomhánna grafacha ar gach paicéad a bhfuil sé de sprioc acu stangadh a bhaint as daoine agus iad a spreagadh athmhachnadh a dhéanamh ar chaitheamh tobac.

Is léir go bhfuil na hiarrachtaí seo ag obair - ní chaitheann ach 23% de muintir na tíre tobac sa lá atá inniu ann.

Anois tá roinnt Seanadóirí ag iarraidh ar an Rialtas cosc a chur ar chaitheamh tobac in áiteanna amuigh faoin aer ina mbíonn bia á ithe.

Dúirt an t-iarAire Sláinte, an Seanadóir James Reilly, go bhfuil baol sláinte ag baint le caitheamh tobac amuigh faoin aer agus go gcuireann sé isteach ar dhaoine atá ag iarraidh béile a bheith acu.

Dar le John Mallon ó ghrúpa a thugann tacaíocht do lucht caite tobac, áfach, nach bhfuil aon údar leighis leis an chosc atá á mholadh.

Ach an mbíonn an aimsir chomh deas sin in Éirinn go mbíonn muid ag iarraidh a bheith inár suí taobh amuigh ag ithe? An mbeidh áit ann do lucht caite tobac i mbialanna agus tithe tábhairne na tíre?

Thug muid cuairt ar Raidió na Life i mBaile Átha Cliath le labhairt le láithreoirí agus iriseoirí an stáisiúin lena dtuairmí a fháil ar an scéal…

Close
Close