Cén oidhreacht atá fágtha ag Enda Kenny ina dhiaidh?

Mar atá a fhios againn uilig faoin am seo tá Enda Kenny i ndiaidh éirí as mar cheannaire ar Fhine Gael.

Leanfaidh sé ar aghaidh mar cheannaire gníomhach an pháirtí, agus mar Thaoiseach, go dtí go dtoghfar a chomharba roimh an 2ú lá den mhí seo chugainn.

Toghadh Enda Kenny mar Thaoiseach sa bhliain 2011 i dtréimhse a bhí iontach míshocair i stair an Stáit agus muid i lár géarchéim eacnamaíochta.

Ba hé an chéad Taoiseach de chuid Fhine Gael ar éirigh leis dhá théarma i ndiaidh a chéile a bhaint amach.

Ach cad é an oidhreacht atá fágtha aige ina dhiaidh?

Chuaigh muid ag lorg tuairimí an phobail fá Ghaeltacht Thír Chonaill. Seo a bhí le rá acu:


Is é Leo Varadkar agus an tAire Tithíochta Simon Coveney an bheirt atá mar rogha na coitiantachta faoi láthair do cheannaireacht Fhine Gael.

Tá sé tugtha le fios ag Michael Noonan go mbeidh eisean ag éirí as an aireacht Airgeadais agus nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile ach an oiread.

Close
Close