Barúil an Phobail - Ionsaí Sceimhlitheoireachta i Manchain

Bhí bomaite tosta ar fud na Breataine maidin inné i gcuimhne na ndaoine a maraíodh agus a gortaíodh san ionsaí sceimhlitheoireachta i Manchain oíche Dé Luain.

Maraíodh 22 duine agus gortaíodh beagnach trí scór nuair a phléasc buama sa Manchester Arena agus daoine ag fágáil ceolchoirme de chuid an amhránaí Ariane Grande.

Ina measc siúd a maraíodh bhí Saffie-Rose Roussos, girseach óg ocht mbliana d’aois, Nell Jones, 14 bliana d’aois agus Marcin and Angelika Klis, lanúin phósta a bhí ann lena páistí a phiocadh suas… páistí atá anois fágtha gan mháthair agus athair.

Tá sé ráite ag na póiliní gurb é Salman Abedi, fear 22 bliain d’aois de bhunadh na Libia ach a rugadh agus a tógadh i Sasana, an té a rinne an t-ionsaí buamála. Chuir sé a lámh ina bhás féin nuair a phléasc sé an buama.

Déir na húdaráis i Manchain nach raibh Salman Abeidi ag feidhmiú leis féin ach mar chuid de ghréasán níos leithne.

Tá an stádás slándála is airde dá bhfuil ann curtha i bhfeidhm anois sa Bhreatain agus imní ann go dtiocfadh le hionsaí sceimhlitheoireachta eile tarlú go luath.

Deir an grúpa a thugann 'Stát Ioslamach' orthu féin gurbh iad a bhí freagrach as an ionsaí sceimhlitheoireachta.

Ta cúigear gafa i Sasana go dtí seo agus tá athair agus deartháir Salman Abedi gafa sa Libia.

Tá an t-ionsaí ar an ionsaí sceimhlitheoireachta is measa sa Ríocht Aontaithe ón ionsaí ar an 7 Iúil 2005 inar mharaigh ceathrar buamadóirí féinmharaithe 52 duine, iad féin san áireamh, i Londain.

Labhair muid le beirt iriseoirí faoin ionsaí i Manchain agus faoin mheadú atá tagtha ar ionsaithe sceimhlitheoireachta le tamall beag san Eoraip.


Close
Close