Aidan O'Shea & conspóid an fhéinphic - tuairim iriseoirí spóirt

Bhí go leor cainte arís faoi Aidan O’Shea ag an deireadh seachtaine seo caite mar gheall go raibh sé ag tógáil féinphiceanna agus ag síniú geansaithe peile ag deireadh cluiche dúshláin in éadan na Mí.

Tháinig seo uilig chun cinn nuair a labhair an t-iar-imreoir peile as an Mhí, Bernard Flynn, amach in aghaidh O’Shea ar chlár an RTÉ GAA Podcast.

Dúirt sé go raibh O’Shea níos dírithe ar ghriangrafanna le lucht tacaíochta Mhaigh Eo ná mar a bhí sé ar a fhoireann féin.

Dúirt sé a fhad is a bhí O’Shea ag glacadh féinphiceanna go raibh a fhoireann cromtha le chéile ag déanamh plé ar an chuiche agus ag déanamh ‘warm down’ ach gur ligeadh cead do O’Shea a rogha ruda a dhéanamh.

Dúirt Flynn: “I stood back in amazement with a few friends of mine that watched. A certain individual, who’s close to the Meath team, said, 'That’s exactly why Aidan O’Shea plays the way he does…’ ‘I found it extraordinary what took place that night, the way he singled himself out to be different.”

Ach an ndearna O’Shea dochar ar bith? Nár cheart dó meas agus aitheantas a thabhairt dá lucht tacaíochta, go háirithe i ndiaidh cluiche dúshláin? Agus an gcuireann a leithéid isteach ar an bhealach a imríonn sé nó le meon fhoireann Mhaigh Eo?

Pléadh seo agus eile ar Twitter agus sna meáin thar an deireadh seachtaine.

Ach an bhfuil barraíocht brú ar imreoirí CLG sa lá atá inniu ann? Go háirithe agus iad uilig ina lúthchleasaithe amaitéaracha? Agus cá bhfuil an líne sin i dtaobh na hiriseoireachta de, an dtéann iriseoirí thairis?

Phléigh muid seo uilig le beirt iriseoirí spóirt, Conall Ó Máirtín agus Máire Treasa Ní Cheallaigh. Seo a bhí le rá acu...


Close
Close