Tuilte Dhún na nGall

Michelle Nic Pháidín

Tá beagnach mí imithe ó tharla na drochthuilte i gContae Dhún na nGall agus tá iarrachtaí á ndéanamh go fóill ó cheann ceann an chontae agus níos faide i gcéin cuidiú le mhuintir Inis Eoghain atá ag fulaingt go fóill ón uair a rinneadh an ceantar a stróiceadh as a cheile i lár mhí Lúnasa.

Rinne tuilte scrios ollmhór de cheantar Inis Eoghain, Doire agus Tír Eoghain thart ar choicís ó shin.

Leagadh droichid, rinneadh aibhneacha de bhealtaí, rinneadh scríos d'fheirmeacha, ionaid spóirt agus tithí le linn na dtuilte. Fágadh cuid mhór teaghlach gan dídean mar gheall ar an scrios. Chaill daoine gach a raibh acu sa scrios.

Tá teaghlaigh go fóill ag cur fúthu i lóistín éigeandála agus iad ag fanacht le lóistín buan a bheith curtha ar fáil dóibh.

Chláraigh leathchéad teaghlach le Comhairle Chontae Dún na nGall i ndiaidh na tubáiste.

 carthannacht na Croise Deirge nó an ‘Red Cross’ ag cur cúidithe ar fáil dóibh seo atá ar an ghannchuid trí scéimeanna éagsúla.

Thig le daoine bronntanais airgid a thabhairt don charthannacht chomh maith agus beidh an t-airgead seo á úsáid go díreach i nDún na Gall amháin.    

Rinneadh dochar ollmhór d'infrastruchtúr na mbealtaí móra sa cheantar agus tá bealtaí nach bhfuil ar oscáilt go fóill de bharr an eachtra.

Dúirt Comhairle Chontae Dhún na nGall go mbeidh costas de €15.3m i gceist ina hiomláine leis an infrastruchtúr a dhéisiú.

Seo mar a bheas an t-airgead seo roinnte chuig na dáilcheantair a d’fhulaing de bharr na dtuilte:

Inis Eoghain MD - €13.45m

Leitir Ceanainn MD - €900k

Sráth an Urláir MD - €700k

Dún na nGall MD - €250k

I ráiteas a tháinig ó Chomhairle Chontae Dhún na nGall ar an 18/09/2017 chuig Meon Eile dúradh: 

“Costs for other infrastructural damage, e.g. Housing, Community & Amenity Facilities, etc. are still being collated. Costs incurred during the initial response and subsequent clean-up are also being collated at present.”  

Léirigh suirbhé a rinneadh ar 1,500km de bhóithre go raibh thar sé chéad fadhb nó locht ar bhealtaí sa cheantar.

Tá dian-obair ar siúl ag oibrithe Comhairle Chontae Dhún na nGall leis na bealtaí a chur ina cheart.  

Iarrtar ar thiomanaithe a bheith airdeallach agus i mbun tiomána ar bhealtaí sa taobh sin tíre.

Tá obair mhór á déanamh ag grúpaí in Inis Eoghain chun rudaí a chur ina cheart arís agus tá grúpaí ag cuidiú le hábhair bhunúsacha a chur i gceann a chéile dóibh seo a chaill gach a raibh acu sna tuilte.  

Rinneadh thar scór go leith míle euro a bhailiú do mhuintir Inis Eoghain ag ócáid tiomsaithe airgid a bhí in ionad spóirt an ‘Aura’ i Leitir Ceanainn.

I measc na mór-réaltaí a thug aghaidh ar an stáitse, bhí Daniel O’Donnell, Nathan Carter, Big Tom, Dominic agus Barry Kirwan. D’fhreastal thar míle duine ar an ócáid a léiríonn a olcas is a bhí cúrsaí.  

Dúirt Deirdre Grant, a rinne an ócáid a eagrú, go raibh rún acu thar €20,000 a bhailiú dóibh seo atá go fóill ag fulaingt in Inis Eoghain. Tuigtear go bhfuil níos mó ná €20,000 ann anois de bharr na hócáide.

Tá go léor imeachtaí eile ar siúl le hairgid a chur ar fáil dóibh seo a d’fhulaing mar gheall ar an eachtra timpeall na tíre.

Labhair Meon Eile le duine de chónaitheoirí Bhun Crannacha, Áine Durkin, faoin dóigh a ndeachaigh na tuilte i bhfeidhm uirthi féin agus an bealach a bhfuil sí féin agus a teaghlach ag cur a saol ar ais le chéile beagnach mí ar aghaidh i ndiaidh na dtuilte.

Labhair muid fosta le duine eile de bhunadh an cheantair Oisín Mac Eó faoina bharúil féin faoin damáiste a rinneadh.


Close
Close