Tionchar an scáileáin ar ár bpáistí

Tá go leor cainte sa lá atá inniu ann faoin tionchar a bhíonn ag an scáileán ar inchinn páistí óga.

I ndomhan na teicneolaíochta is féidir le tachráin nó le páistí óga úsáid a bhaint as cianrialtán teilifíseáin, táibléad agus fiú aip linbh.

Léiríonn staidéar atá déanta ag Cumann Péidiatraice SAM go bhfuil an cumas ag páistí dhá bhliain d’aois táibléid agus gutháin chliste a fheidhmiú go furasta, cluichí a roghnú, scáileáin a dhíghlasáil, agus svaidhpeáil deas go clé.  

Tá tionscal na dtairgí linbh ag cur thar maoil le guirléidí nua dírithe ar pháistí ar nós bugaithe le seastán faoi choinne táibléid, cathaoireacha preabacha le sliseáin i gcomhair táibléid agus an t-úafás aipeanna a mhaíonn go bhfeasaíonn siad scíleanna forbartha páistí.

Maítear go mbíonn na táirgí seo ag mealladh aird do pháiste agus ag cur lena scileanna ag an am céanna.  

Molann saineolaithe sa tSeirbhís Náisiúnta Sláinte nár chóir go mbeadh aon am scáileáin ag páistí faoi dhá bhliain d’aois, is cuma cén cineál scáileáin atá i gceist.

Moltar gur chóir go mbeadh páistí ag forbairt scileanna cinéistéiseacha in ionad a bheith ar líne agus ag úsáid scáileán.

Labhair Meon Eile leis an speisialtóir cúram páistí Sinéad McConnell agus an chomhairleoir oideachais Jacaí De Brún faoi na buntaistí agus míbhuntaistí a bhaineann le húsáid na teicneolaíochta i dtaca le páistí.

Fuair muid deis chomh maith seal a chaitheamh i gcuideachta grúpa tuismitheoirí agus tachráin le tuairimí oibrithe agus tuismitheoirí a fhiosrú. 

Close
Close