Aistear go ‘Páras na dTrópaicí’

Seaghan Mac an tSionnaigh

Táid eadrainn gur cuimhin leo gan sruthú beo a bheith á dhéanamh ag daoine aonair amach as a gcuid cuntas pearsanta ar na meáin shóisialta.

Agus is ea, beidh roinnt den bheoshruthú céanna ar bun agam féin i rith mo thréimhse i Manaus, beag an baol, ach ní sháróidh aon chraoladh dá chineál go deo arís an chéadghníomh beoshruthaithe inar ghlacas-sa páirt an fhéachadóra i gcéin.

Ba é sin an craoladh beo a dhein MTV ar cheolchoirm dhiamhair na White Stripes  agus iad sa seana-thig Opera ann i mí an Mheithimh 2005, aois na sé bliana déag agam féin.

Mar ghiotaraí is fearr atá aithne ar Jack White, a phós i rith a thréimse i Manaus, ach ba é ceann de bhuaicphointí an taispeántais úd ná marimba a bheith á sheimint le hómós de shórt éigint aige do thraidisiúin ceoil Mheiricea Laidineach.

https://www.youtube.com/watch?v=LRXcOg7QXbo

Tá Manaus fanta im chuimhne riamh ó shin agus féach gur ann atá mo thriallse don Nollaig i mbliana.

Chromas ar a bheith i m’ullmhú féinig tamall de mhíonna ó shin, agus chuige sin nár thána ar thicéidí sladmhargaidh le cabhair ó skyscanner.net.

Níor thug na ticéid sin mé ach chomh fada le Letícia, cathair fhoraoiseach atá neadaithe i gcúinnín thoir na Colóime Theas, é tamall de mhíle ciliméadar ó mo cheann scríbe i Stát Amazonas na Brasaíle.

Dheineas de réir comhairle na bhfóram idirlín, más ea, agus tacsaí “tuc tuc” a fháil thar teorainn isteach go dtí an Bhrasaíl mar a raibh bád farantóireachta ag fanacht liom i mbaile poirt darb ainm Tabatinga dó.

https://www.facebook.com/navegacaomonteiro/

Ní thabharfá aon mhaorlathachas fé ndear i dtrasnú na teorann duit ach amháin seanphostaeir mheirgeacha éigint ina luí go fánach agus a chuirfeadh in iúl leath-thuiscint a bheith ag na húdaráis stáit gurb ann in aon chor do chríocha cúlráideacha Amasónacha mar iad seo. Anseo a chruinníonn an Cholóim, an Bhrasaíl agus Peiriú le chéile.

A luaithe agus a chloistear mo chuid Portaingéilis bhacach, cuireann na Brasaíligh a gcuid cainte in oiriúint dom sa tslí is go n-iompaíonn siad ar an Spáinnis oiread agus a ritheann leo, ‘navidad’ a rá seachas “natal” (.i., Nollaig), agus araile.

Ní bhíonn de thoradh ar an gcuirtéis theangeolaíoch chéanna ach an comhrá a chur ina chíor tuathail ar fad toisc gur Portaingéilis is fearr dom gan agam den Spáinnis ach an cúpla focal easonórach féin.

Ar an mbád ar deireadh dhom, is í an chanúint is mó a labhartar ná plubaireacht na bpáistí, na scórtha díobh ar bord, iad ag scréach agus ag béicigh. Cheapas-sa go mbainfeadh sé de bhuntáiste leis an mbád le hais an eitleáin ná nach mbeadh oiread leanaí ag fulaingt le heagla na heitilte, ach is léir anois dom gurb é an cúram céanna a bhíonn ar muir agus ar thír acu. Tá breis measa dá bharr agam ar mo bheirt dearthár agus a gcéilí a bhfuil cúram clainne dá gcuid féin orthu.

Bhuaileas le daoine áille ar fad ní mór dom a rá, ach bhíosa-sa cráite acu in aon seomra mór amháin leo.

Bhí coileach ag mo chomharsa béal dorais féna hámóg aici, mar shampla, agus dhúisíodh sé sin in am trátha dhon mbricfeast mé – ar 5.30r.n. gach maidin.

Cuireadh trí bhéile ins ló san áireamh leis an €55 a thugas as an turas, praghas ana-shásúil dar liom, ach bhi an gleo ag fáil an lae orm, agus d’iarras i ndiaidh 48 uair seoltóireachta a bheith curtha díom agam mo leaba luascáin a lonnú go rúnda ar urlár na n-earraí tráchtála.

Fágann san gur léargas ana-mhaith atá anois agam ea ar cad é a bhíonn á iompar ag an gcomhlacht iompair seo – plantáin agus barraí eile, cannaí beoracha ina gcearnóga chun athchursáilte, seana-chairteacha meirgeacha, cuisneoirí agus gléasanna tí nach iad. Sinn ag stopadh i ngach aon diabhal bhaile beag d’fhonn a bheith ag líonadh arís. Bhaineamar go léir Manaus amach agus 100 uair ar fad caite san árthach trí stór seo againn – na cheithre huaire deireanach díobh sin, ba de bharr sciúird ón scuad drugaí a chuardaigh an bád ó bhun go barr. Bíonn drochamhras ar bháid a thagann isteach ó threo na Colóime, is léir.

Agus is cuimhin liom Jack White a bheith gearánach an uair úd ar thaisíocht na haeráide i rith a thaispeántais, agus san áit a mbíonn taisíocht, bíonn an mhuiscít. Is cuimhin liom na diabhail sin ón iliomad turas eile, agus bheartaíos an iarracht seo ar infheistiú ceart a dhéanamh i bhfeisteas a choimeádfadh an mhuiscít ar shiúl uaim. Beagán “suíomh táirgí”” anois – is é an réimse táirgí Insect Shield Repellent Apparel ® le Cragshopper  an bas ar fad. Bríste, léinte, stocaí comhbhrúite, agus mála codlata a dh’ordaíos ar líne leo.

https://www.insectshield.com/Mens-C21.aspx

Shroicheadar seomra an phostais ar champas Notre Dame lá sara dtabharfainn fén aerphort. Is ea, maidin na heitilte, bhailíos mo phas, mo chip is mo mheanaithe, agus as go brách liom nó gur thána chomh fada le fógra giobalach gránna a d’fhógair go dána go raibh brón ar oifigigh phoist an champais, ach ná bacfaí le hoscailt an lá san. Ní mór ná go raibh bogán agam. Is ea, nár ghlaos ar an bhfoireann slandála le mo chás a chur i dtuiscint dóibh, agus nách é an freagra suarach fuarchúiseach a bhí acu dom ná ná raibh eochair acu a dh’osclódh an doras, agus “please call again tomorrow, sir”. Ní raibh aon ‘tomorrow’ ar fáil dom, agus cuireann an ‘sir’ ina leithéid de chomhrá ‘soir’ ar fad mé.

Bhí mórthuairim agam an doras a leagadh ar fad, agus is é a leithéid de phlean a bhí scríte ar m’aghaidh, a déarfainn, fén dtráth ar tháinig fear eile slandála im threo. Sara raibh deis aige col a ghlacadh liom, thairrigíos chugham bréagthuin an údaráis, agus “sir, please help with this door” mar achainí agam air.

Is ea, an chéad eochair dar chas sé, bhí an doras ar leathadh aige, agus b’sheo liom isteach ann. Mhíníos dó gur diúltaíodh ar an bhfón roimhe sin dom, agus é d’fhreagra aige ná go mb’fhéidir nár chóir an doras san a oscailt in aon chor, ach gur léir, arsa é sin, gur liom atá Dia agus gur Dia a sheol chugham é. “Más liom”, arsa mise, “leat anois atá sé mar go seolaim chughat é. Feliz navidad”. Chuir sé sin gáirí orainn beirt, agus chuir sé ana-dea-spionnadh orm i dtosach m’aistir dom. Agus ní bhfuaireas aon chnapán fós.

‘Páras na dTrópaicí’ a baisteadh mar leasainm ar Manaus a thóg na Portaingéiligh mar sheoid a sháródh dar leo ar bhain de chathracha eile le tréimhse choilíneach na hEorpa.

Agus luíonn an Eoraip go mór ar aigne lucht cultúir na cathrach fós. Gan bhréag ná magadh, ba é "Dia is Muire dhuit" an bheannacht a bhí ag bleachtaire áitiúil nuair a cuireadh in aithne mar Éireannach mé dho ar oíche Nollag.

Close
Close