Scoil Damhsa Taylor

Bunaíodh Scoil Damhsa Taylor agus an comhlacht déanta gúnaí Taylor Dresses in iarthar Bhéal Feirste ar Bhóthar na Carraige Báine níos mó ná 8 mbliana ó shin.

Is iad na deirfiúracha Derbhail, Órlaith agus Niamh Taylor a chuir tús leis na tionscnamh agus anois tá baill eile teaghlaigh agus foireann mhór ag obair in éineacht leo.

Eatarthu tá an iliomad buanna faoina n-ascaill acu uilig mar aon le craobh an domhain a bheith buaite ag Niamh sé huaire.

San am i láthair roinneann na mná ildánacha seo a gcuid scileanna damhsa leis an chéad ghlúin eile de dhamhsóirí Gaelacha sa chathair.

Bhuail Meon Eile isteach chun na Scoile Damhsa, áit ar labhair muid leis na deirifiúracha faoina ngaiscí agus faoi thraidisiún an rince Ghaelaigh i mBaile Uí Mhurchú...

Close
Close