Tá a scéal féin ag gach déantán...

Is taispeántas nua scoile é 'Tá a scéal féin ag gach déantán', a seoladh ar na mallaibh.

Tháinig daltaí ó Choláiste Mhuire i nDoire le chéile le grúpa léitheoirí ó chlub leabhar Choláiste Feirste leis an taispeántas a chur ar siúl.

Bhí ar dhaltaí, na foirne scoile agus tuismitheoirí déantán a raibh baint aige leis an Ghaeilge ina saol a thabhairt isteach agus cur síos a scríobh ar lipéad.

Bhí Comhairle Dhoire ag tacú leis an choincheap seo atá bunaithe ar leabhar a bhaineann leis an liteartheacht chriticiúil, ‘Artifactual Literacies: Every Object Tells a Story’.

Bhuail Meon Eile isteach chuig Coláiste Mhuire chun bualadh le daltaí ón dhá scoil agus chun na déantáin phearsanta Ghaelacha seo a phlé leo.

Close
Close