Taispeánadh ‘Rocky Ros Muc’ i Londain den chéad uair

Taispeánadh an scannán faisnéise 'Rocky Ros Muc' i Londain den chéad uair an tseachtain seo caite.

Bunaithe ar an leabhar le Rónán Mac Con Iomaire agus léirithe ag Below The Radar, insíonn Rocky Ros scéal Sheáin Uí Mhainnín; a shaol, a ghairm dhornálaíochta, agus an thuas seal, thíos seal a bhain leis.

Throid Seán i gcoinne Mike McCallum do chorn an domhain i Maddison Square i Nua-Eabhrac sa bhliain 1984. ach ní scéal dornálaíochta amháin atá sa scannán seo.

Bhí mangairí drugaí, smuigléirí gunnaí agus dornálaithe móra aitheanta eile fite fuaite i scéal Sheáin Uí Mhainnín.

Taispeánadh ‘Rocky Ros Muc’ ar fud na hÉireann agus sa Ríocht Aontaithe, chomh maith le Nua-Eabhrac, Los Angeles agus Bostún i SAM - as siocair seo bhí an scannán faisnáise ar fhadliosta na ngradam Oscar i mbliana don phríomhscannán faisnéise is fearr.

Cé nár bronnadh Oscar ar 'Rocky Ros Muc', thug sé gradam na féile leis ag Féile na Scannán Éireannach i mBostún níos luaithe i mbliana agus bhuaigh sé an gradam don Scannán Faisnéise Éireannach is fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe chomh maith.

Ba i gcomhar le TG4, Ciste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann, Bord Scannán na hÉireann, Údarás Craolacháin na hÉireann agus MG Alba a léirigh Below The Radar an scannán.

Close
Close