Rúndiamhair na ngnéas

Cumarsáid an dá ghnéis
Cumarsáid an dá ghnéis

Ciara Ní Éanacháin

Is minic a deirtear go bhfuil cuid de na tréithe bunúsacha atá ag fir agus mná an-difriúil ar fad, agus go gcruthaíonn sé seo eh, deacrachtaí, idir an dá ghnéas.

Níl sé soiléir an bhfuil bunús nádúrtha ag an scoilt seo nó an bhfuil sí á cothú ag an tsochaí ina maireann muid – is dócha gur meascán de chúiseanna atá ann.

Anois bíonn sé deacair tuairim ghinearálta a chur in iúl ó thaobh na mban agus na bhfear de toisc go mbíonn eisceachtaí ann i gcónaí, agus go mbíonn an saol níos casta ná ráiteas, ach fós féin táim chun é sin a dhéanamh san alt seo – ar mhaithe le gontacht agus leis an gcraic.

“Women are crazy, men are stupid.”

San abairt ‘chuimsitheach’ seo léirigh an fear grinn Meiriceánach George Carlin an fhírinne, mar a chonacthas dó í, faoin difríocht idir fir agus mná.

Ach fan! Ciúnas! Ná diúltaigh don smaoineamh láithreach bonn díreach toisc gur bean thú nach bhfuil ag iarraidh a bheith “as do mheabhair” nó gur fear thú nach bhfuil sásta glacadh leis go bhfuil tú “dúr”.

Míneoidh mé.

Má smaoiníonn tú ar aon bhean nó fear a bhfuil aithne agat orthu agus a bhfuil rud seafóideach déanta acu, tá ráiteas Carlin áisiúil go leor mar de ghnáth is féidir é a úsáid:

“Cheannaigh sé remote control car di dá breithlá.” Tá fir dúr.

“Chaith sí leathuair a chloig ag roghnú a cuid bróg.” Tá mná craiceáilte.

“Nuair a d’iarr sí air ar cheap sé an raibh a deirfiúr dathúil, dúirt sé gur cheap.” Dúr.

“Luaigh sí rud éigin sa chómhra trí thimpiste, rud a fuair sí amach agus í á cibirstalcaireacht.” Craiceáilte.

Ag bogadh ar aghaidh ón léamh seo ar an scéal, don chuid is mó is trí shúile na bhfear atá mná ‘as a meabhair’ ach tá a fhios againn an phríomhchúis a gceapann siad amhlaidh: bíonn ár gcuid gníomartha rúndiamhair dóibh.

Maítear nach mbíonn mná ag rá go díreach cad atá siad ag iarraidh, agus is minic a bhíonn fírinne áirithe sa mhaíomh céanna.

Bíonn muid ag ceapadh gur leor leideanna agus cogarnaíl, seachas é a rá go lom. Ach déanaimid dearmad nach dtuigeann na fir ‘dhúra’ ár gcuid cainte caolchúisí.

Mar shampla, glac an frása éasca ach coitianta seo: “táim togha”.

Is minic a chloiseann fir na focail sin ó mhná agus ní thuigeann siad an bhrí: “Is fada ó ‘togha’ atáim agus ba cheart go mbeadh a fhios agat cén fáth.”

Creideann mná go mba cheart go mbeadh sé soiléir nach bhfuil siad togha mar gheall ar a gcuid cainte coirp, tuin ghlóir srl. ach ní mar sin a bhíonn.

Éist a fheara, ba cheart an cheist a chur cúpla uair, ar eagla na heagla.

Ansin, má tá fear ag plé rud éigin le bean agus deir sí leis “déan pé rud is maith leat”, uaireanta bíonn an fear saonta go leor glacadh leis an chomhairle sin.

Ná déan. An chiall atá leis ná “níl a fhios agam conas atá tú fós ag smaoineamh faoi seo, má dhéanann tú é maróidh mé thú”.

Mar sin is fearr machnamh a dhéanamh ar an rud atá ar bun agat má fhaigheann tú freagra dá leithéid.

Fiú má éisteann an fear le comhairle mar sin áfach, is minic nach n-oibríonn sé.

Sna cásanna annamha nuair atá an bhean tar éis rud éigin a mhíniú go hionraic le fear agus go dtuigeann an fear an fhadhb, fós féin ní bhíonn toradh ar a chuid iarrachtaí.

Bíonn fir ag iarraidh gníomh a dhéanamh, rud éigin a eagrú chun an fhadhb a réiteach.

Bíonn mná ag iarraidh caint faoi ar dtús, lena bhfir, lena gcairde, lena ndeirfiúireacha…

Ní thuigeann an fear an fonn cainte sin atá ar an mbean agus nuair a mholann an fear réiteach seachas éisteach léi, tagann frustrachas ar an mbean ar nós gur cuma leis an bhfear fúithi.

Sin díreach cúpla sampla, d’fhéadfaí na mílte leathanach agus scáileán a líonadh le tuilleadh, agus ar ndóigh líonadh.

Bhí an cheist seo ann ariamh agus is dócha nach n-athróidh na difríochtaí seo a choíche.

Ach ar mhaith leat go n-athródh? Seans go ndéanfadh sé an saol níb éacsa in amanna ach cé atá ag iarraidh maireachtáil i ndomhan leadránach?

Close
Close