Ról na mban san eaglais Chaitliceach

Katie McGreal

Mar bhean óg atá ag dul ar aifreann ó bhí mé an-óg, tá an chuma ar an scéal nár athraigh ról na mban san eaglais ar chor ar bith thar na blianta.

Níl sé sin iomlán fíor.

Nuair a chuaigh an sagairt Frainc Mac Brádaigh isteach san ord in 1963, bhí áit lárnach ag mná san eagraíocht, i bhfoirm na mban rialta.

Anois, tá ról níos mó ag mná i bpobal na heaglaise mar thuataí.

Deir Frainc go bhfuil díospóireacht leanúnach ag dul ar aghaidh faoi cheist na mban san eaglais ar feadh blianta.

Tá smaoineamh aige go bhféadfaimid an díospóireacht sin a athrú ón gceist faoi mhná bheith ina sagairt go ceist éigin eile.

Is ionann cléiriúlachas agus cúram laethúil na heaglaise faoi láthair.

Síleann Frainc gur féidir linn ról na mban a athrú thart air sin; gur féidir le mná cuid den fhreagairt a bhaineann le rith na heaglaise a thógáil ó na sagairt atá ann anois agus go bhfágfaidh siad an ról cléiriúlachais leo, mar atá anois.

“Ní athróidh aon rud go sciobtha,” arsa sé, “Ach is bealach eile é seo le breathnú air.”

Ó gur tháinig an Pápa Proinsias i gcumhacht, tá an eaglais níos oscailte mar gheall ar phlé na ceiste seo.

Bhí cosc iomlán ar an ábhar seo le linn tréimhse an Phápa Benedict.

Léiríonn sin go bhfuil an eaglais réidh le héisteacht le tuairimí daoine eile.

An bhfuil siad réidh le glacadh leo go fóill? Ní dóigh liom é ach is bunchéim é seo.

Rinne an eaglais an-chuid dochair dóibh féin mar gheall ar na scéalta mí-úsáid páistí a tháinig amach le blianta beaga anuas.

Chaill siad neart dá lucht leanúna dá bharr, idir dhaoine níos sine agus dhaoine níos óige.

Chaill daoine muinín san eaglais agus má tá siad chun na daoine sin a tharraingt ar ais, agus daoine eile a mhealladh i dtreo na heaglaise, caithfidh siad bheith sásta éisteacht le daoine agus faoin méid atá siad ag iarraidh a fháil ón eaglais.

Le breathnú ar stair na sagartóireachta, caithfidh tú breathnú ar an mBíobla.

Sa seanleabhar cáiliúil seo roghnaíonn Íosa Críost 12 deisceabal le hobair leis agus é ag scaipeadh a scéil.

Fir uilig a bhí sna deisceabail sin.

Ach má bhreathnaíonn tú ar ról na mban sna scéalta, is iadsan a chreid in aiséirí Íosa, “is iad na mná a ndeachaigh ar ais go dtí na fir le hinsint dóibh faoin méid a tharla”.

Ach pé cuid den scéal a mbreathnaíonn tú air, is leabhar a scríobhadh beagnach 2015 bliain ó shin é.

Tá an saol i ndiaidh athrú go leor uaireanta ó shin.

Tá an eaglais díreach cosúil le teanga nó le haon eagraíocht eile: má tá siad ag iarraidh maireachtáil sa lá atá inniu ann caithfidh siad athrú leis an bpobal agus éisteacht leis na daoine.

Ba mhaith liom féin go mbeadh cead ag mná bheith ina sagairt, nó go mbeadh cead ag fir bheith mar mhná rialta más maith leo, toisc nach bhfeicim aon fháth nár ceart go mbeadh cead acu.

Ach ní féidir leat gach duine a shásamh.

Nuair a lig na heaglaisí Anglacánacha mná bheith ina sagairt don chéad uair, d’fhág roinnt daoine an eaglais sin.

Chuaigh siad – mná agus fir – i dtreo na heaglaise Caitlicí.

Close
Close