Más mall is ‘Maigh’ iad!

Fearghal Mag Uiginn

An Mhaigh (Tír Eoghain) 1-5 v 0-6 An Ghaeltacht (Ciarraí)

Is beag an cúiteamh a fuair An Ghaeltacht as am cúitimh ar an Satharn i nDurlas sa bhabhta leathcheannais de Chraobh Peile Idirmheánach na hÉireann.

Bhí an club a thóg Craobh na Mumhan gan dua (3-21 i gcoinne 0-8) mar rogha láidir na n-údar ach is fada an bóthar nach mbíonn casadh ann agus is ar an bhóthar fada sin a bhí na hUltaigh! 

Bua na foighne nó gadaíocht? Bíodh do rogha agat!

Bhí 60.37 ar an chlog nuair a chuir cic saor ó SM Ó Conchúir (0-2) na Gaeltachta bearna na bua idir na foirne, shílfeá.

0-6 i gcoinne 0-3 chun tosaigh agus an chuma ar chúrsaí go raibh laochra crua déanta le laochra óga Chonaill Uí Chrualaoich, comhbhainisteoir na foirne.

Ach iontas na n-iontas, in am cúitimh (6 bhomaite de), d’éirigh leis an Mhaigh níos mó a scóráil ná a scóráil sna 60 bomaite roimhe sin!

Ceapadh glan i lár an ghoirt ag Colm Caomhánach, an modh díreach in úsáid agus cic mór fada isteach go himeall na cearnóige, sciorr an tseilbh go Harry Ó Luachráin is bhain sé ceol lena chiotóg as eagnach na Gaeltachta leis na foirne a chur ar comhscór.

Chuir sé cúilín leis ón imirt gan mhoill agus Conall Ó Dufaigh a chuir an dlaíóg mhullaigh ar an aiséirí nuair a roghnaigh sé thar an trasnán in áit thíos faoi.

Dá ndéanfadh laoch óg de chuid na Gaeltachta an rogha céanna bomaite roimhe, ní fios ach go mbeadh am breise ann. Chinn PJ Mac Láimh (0-1) tabhairt faoi chúl in áit cúilín cinnte a ghlacadh, scór a d’fhágfadh na foirne cothrom agus an t-am cúitimh beagnach istigh.

Seans mór amú - cinneadh cinniúnach agus ciall cheannaithe.

Deireadh spleodrach mar sin leis an choimhlint idirmheánach seo a tharraing aird sinsearach. Ach le fírinne ba ar chaighdeán idirmheánach a bhí an pheil sa chéad leath ar fad.

Bhí clár na scór díomhaoin go maith sa chéad tríocha bomaite, faic air go dtí 16.55!

Bhí díogras ann, teannas is dóchas. Ó Sé v Caomhánach. Colm, a bhí mar laoch na himeartha agamsa, agus Seán a chaith geansaithe gorma ach, mar chasadh íorónta sa scéal, dearg is bán na Gaeltachta ar mhuintir Uí Shé.

Leoga, bhí an sloinne iomráiteach mar chnámh droma na foirne agus Ó Sé ina achan líne di! 

Bhí an imirt fearúil ach cosantach, stíl imeartha a bhí ag teacht le spriocanna mhuintir Thír Eoghain in éadan na gaoithe agus sa chéad leath ar fad níor aimsíodh ach ceithre chúilín.

D’fhág tonnta de phasanna láimhe an lucht féachana ar an trá fholaimh ó thaobh scóranna de agus bádh caighdeán is scileanna na peile.

Stíl imeartha a bhí le leas na mbuaiteoirí agus stíl réiteoireachta nár chuir le hiarrachtaí cróga fhoireann óg na Gaeltachta a chaill amach sa choimhlint rialta fhisiciúil.

Chuir SM Ó Conchúir dhá chúilín idir na foirne sular mhúscail Seán Caomhánach is d’aimsigh dhá cheann taobh istigh de 90 soicind, ceann acu ón imirt lena dheasóg.

In ainneoin na haimsire agus an díograis, ba bhocht an fómhar ceithre scór. 

Leath-am: An Mhaigh 0-2 v 0-2 An Ghaeltacht  

Ba léir go raibh cur chuige eile de dhíth ar mhuintir Chiarraí sa dara leath is Dara Ó Cinnéide ar an taobhlíne mar roghnóir á ngríosú.  Cuireadh Brian Ó Beaglaoich isteach sa líne leatosaí is bhí rath ar an athrú sin láithreach.  D’aimsigh Ó Beaglaoich na cuaillí faoi dhó, 0-4/0-2 ag an Ghaeltacht.

Cé go raibh Seán Caomhánach (0-3) anois ag brú chun tosaigh níos minice agus shaothraigh seilbh, cic saor agus scór, bhí cuma na maitheasa ag teacht ar an Ghaeltacht.

Taithí is spreagadh Mharc Uí Shé, mianach iontach ó chaptaen na foirne, Colm Ó Muircheartaigh, obair na gcapall ar bun ag Dara Ó Sé agus den chéad uair bhí an tosaí cumasach Tomás Ó Sé le sonrú san imirt.

Bhí 79% den tseilbh ag muintir Chiarraí sa dara leath. Dochreidte.

Fiú nuair a bhronn an réiteoir cárta dearg glan ar Éanna Ó Conchúir na Gaeltachta sa 42ú bomaite agus iad fear gann, bhí greim scornaí ag fir Chiarraí ar an chluiche seo.

Is ar éigean a thiocfadh leis an Mhaigh greim a fháil ar an liathróid agus chuir Dara Ó Sé an Ghaeltacht dhá cheann chun tosaigh ón imirt, 0-5/0-3. 

Bhí rabharta de phasanna láimhe anonn is anall ann ach, gan faobhar, theip ar na Muimhnigh an buille marfach a thabhairt is dhíol go daor as sa deireadh thiar. Moladh tuillte fosta ag cosaint díograiseach na nUltach – go háirithe Tomás Mac Niocaill, Niall Ó Conalláin agus captaen na foirne, Adhamhnán Ó Duíne.

Ach fiú agus cóir na gaoithe leo agus fear sa bhreis, ba léir nach raibh an Mhaigh muiníneach go leor ná dóchasach go leor leis an chluiche a oscailt amach is an deis a thapú le lá mór i bPáirc an Chrócaigh a bhaint amach.

Fágadh faoin bheirt Caomhánach é leis an rosc catha a chanadh gur tháinig an cúiteamh as an iomrascáil sular cuireadh fear na Gaeltachta den pháirc.  

Is beag an cúiteamh a fuair An Ghaeltacht as.

Bua na foighne nó gadaíocht chruthanta?

Is dócha gur chruthaigh an Mhaigh an deis leis an ghadaíocht a dhéanamh agus mar sin de, fiú más mall, is mithid.

Agus más mall is mithid do Sheán Caomhánach a chosa a chur ar an talamh naofa uair amháin eile – ar an Satharn seo chugainn nuair a bheas Curaidh Idirmheánach Ros Comáin, Cumann Mhichíl Mhig Laithimh, mar chéile comhraic ag an Mhaigh.

B’fhearr do na Connachtaigh plean cuimsitheach bheith acu dá dheartháir Colm más mian leo an corn a thabhairt leo!

Close
Close