M'aistear le Dobrón

San eagrán seo den tsraith nua 'M'aistear' labhraíonn Seán Ó Cearbhaill ar an dobrón a mhothaigh sé ina dhiaidh dá dheartháir Joe lámh a chur ina bhás féin.

Labhraíonn Seán go hoscailte agus go staidéarach faoin eachtra thragóideach a tharla dá theaghlach ar fad agus faoin bhealach go ndeachaigh siad i ngleic leis an scaoll tobann a tháinig orthu ar an oíche úd a chaill siad Joe.  

Agus Seán ag déileáil leis an bhás, labhraíonn sé ar an tábhacht le comóradh a dhéanamh ar shaol Joe agus le mothucháin s'aige a phlé lena theaglach cé go bhfuil an dobrón le mothú go smior ann féin go fóill.

Má tá tuilleadh eolais de dhíth ort i dtaca le seirbhisí dobhróin nó féinmharú buail isteach chuig cuid ar bith de na suíomhanna seo:

https://pipscharity.com

http://uk-sobs.org.uk

https://www.cruse.org.uk/northern-ireland  

http://www.lifelinehelpline.info

Close
Close