Ginmhilleadh - éagsúlacht tuairimí i gcónaí

Tháinig na tuairimí atá ag Uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, faoin ghinmhilleadh chun solais ag tús na seachtaine seo agus é ráite aige go bhfuil sé ar son rogha a thabhairt do mhná.

Chuir na meáin an-suim ina ráiteas agus tháinig sé sna sála ar an athrú sa dlí a ligeann do mhná ón tuaisceart taisteal go hAlbain chun tobscor toirchis a fháil ar an NHS thall.

Is céim mhór í seo don fheachtas ar son rogha ach an mbeidh athrú ar bith eile sa dlí ag teacht aníos agus an chuma ar chúrsaí go mbeidh Sinn Fein ag bogadh i dtreo seasamh níos oscailte ar an cheist? Cad é barúil an phobail faoin méid a dúirt Adams agus go deimhin faoin ghinmhilleadh féin?

Labhair Meon Eile le beirt atá paiseanta faoin ábhar agus tuairimí éasgúla acu, is iad sin Eoin Ó Coisneacháin agus Katie McGreal.

Faigh amach cad atá á rá acu anseo...

Close
Close