“Gheofar an bua ar BÁC i mbliana”

Damien Ó Dónaill - RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cuireadh tús le craobh peile 2018 an deireadh seachtaine seo caite nuair a chuaigh foirne na tíre seo thar sáile, siar agus soir.

Chuaigh foireann Shligigh go Londain agus chuaigh foireann Liatroma go croílár an Bronx i Nua-Eabhrac.

Bhí Sligeach ar a sáimhín só i Londain ach ba a mhalairt a tharla sa Bronx.

Bhí mé ag pilleadh abhaile ó Chomórtas Peile na Gaeltacha sna Dúnaibh agus mé ag éisteacht le tráchtaireacht Marty Morrissey ar RTÉ Raidió 1.

Bhí mé den bharúil go mbeadh an lá le Nua-Eabhrac agus go mbeadh na leabhair staire le hathscríobh, ach tháinig Liatroim slán i ndeireadh na dála.

Sula mbogaim ar aghaidh, bhí mé ag tiomáint thart le bun an Eargail ar mo bhealach as na Dúnaibh tráthnóna Dé Domhnaigh, ag éisteacht le Marty sa Bronx - nach iontach an rud é an raidió.

Bhí pobal na hÉireann agus Gaeil ar fud an domhain ag éisteacht le guth amháin ina shuí i mbosca tráchtaireachta i Meiriceá.

Bhí orainn dul i muinín Marty agus a chuid tráchtaireachta mar nach raibh an cluiche le feiceáil ar an teilifís.

Ba ansin a thuig mé mar a bhí ag na glúnta a chuaigh romhainn sna laetha a bhí, nuair nach raibh teilifís sna tithe... ach sin scéal do lá eile.

Bíonn chuile dhuine ag súil go mór le tús na craoibhe agus bíonn fanacht ar dhaoine ón tríú deireadh seachtaine i mí Mheán an Fhómhair go dtig mí Bealtaine agus tús aríst leis na craobhacha cúige.

Tá mé cinnte go mbeidh na ceapairí á n-ullmhú agus na geansaithe peile ag teacht amach as an phrios an tseachtain seo agus cluichí móra  ar siúl ar fud na tíre an deireadh seachtaine seo.

Níl aon dabht ann ach gur i gCaisleán an Bharraigh a bheas an choimhlint is mó le feiceáil agus na contaetha Gaeltachta, Gaillimh agus Maigh Eo, ag dul in adharca a chéile.

Tá a fhios againn uilig go bhfuil an nimh san fheoil ag an dá fhoireann seo dá chéile ach ar shiúl den pháirc tá ardmheas acu ar a gcéilí comhraic.

Tá brú ollmhór ar an dá fhoireann agus bheadh eagla orm nach mbeadh an cluiche thar mholadh beirte mar gheall ar an tábhacht a bhaineann leis an chluiche ach, leis an méid sin ráite agam, tá pobal Chumann Lúthchleas Gael ag súil go mór leis.

Beidh mé féin i bPáirc Sheáin Mhic Cumhaill i mBealach Féich ar an Domhach nuair a chuirfidh Dún na nGall tús le Craobh Uladh agus sílim go bhfuil dúshlán ollmhór rompu in éadan fhoireann an Chabháin.

Ní bheidh an cluiche seo beo ar an teilifís áfach agus aríst beidh ar dhaoine dhul i muinín an raidió agus na meán sóisialta le fáil amach cad a bheas ag tarlú.

Sílim go mbeidh coimhlint iontach ann mar go bhfuil a fhios agam go bhfuil ullmhúchán mór déanta ag Mattie Mc Gleenan agus Lorcán Ó Máirtín le foireann an Chábhán a bheith réidh.

Tá samhradh fada eile amach romhainn le cluichí gach deireadh seachtaine agus dar ndóigh beidh na cluichí ceannais cúige agus cluichí ceannais na hÉireann níos luaithe i mbliana mar gheall ar an struchtúr úr atá curtha i bhfeidhm ag na húdráis i bPáirc an Chrócaigh.

Is deacair a rá caide mar a rachaidh cúrsaí leis na Super 8s i mbliana mar gur rud iomlán nua a bheas ann dúinn uilig ach ar a laghad táthar crógach go leor le triail a bhaint as modh úrnua agus tá súil agam go mbeidh dea-thorradh air, ach neosfaidh an aimsir.

Tá mé chun a bheith cróga an deireadh anseo agus déarfaidh mé Dún na nGall i gCúige Uladh, Maigh Eo i gConnacht, Ciarraí ó dheas agus Baile Átha Cliath i gCúige Laighean.

Tá mé den bharúil fosta go bhfaighidh foireann inteacht an bua ar na Dubs i mbliana agus sílim go bhfuil Ciarraí ar a mbealach ar ais go barr an dréimire aríst.

I ndairíre thiocfadh le Ros Comáin, Gaillimh nó Maigh Eo Craobh Chonnacht a bhaint agus tá ceithre fhoireann i gCúige Uladh ábalta an Anglo Celt a thabhairt leofa.

Gheobhaidh Ciarraí agus Baile átha Cliath an seachbhealach chuig na Super 8s. Tá mé ag súil go mór le Craobh 2018.

Close
Close