Cinntí móra le tógáil faoin Fheidhmeannas agus faoi Bhreatimeacht

Eoin Ó Murchú

Sna seachtainí beaga seo romhainn tá dhá mhór-chinneadh le tógáil a mbeidh an-tionchar acu ar thodhchaí an Tuaiscirt: athbhunú an Fheidhmeannais agus socraithe an Bhreatimeachta.

Beidh a fhios againn an tseachtain seo féin an mbeidh cainteanna ar siúl le Feidhmeannas nua a bhunú, ach níl na comharthaí go maith ag an bpointe seo, fiú má deireann an dá rialtas gur chóir an iarracht a dhéanamh.

Tá iarracht déanta ag Arlene Foster an Feidhmeannas a thabhairt ar ais ar gheallúint go mbreathnódh an DUP ar reachtaíocht le cearta cultúrtha a réiteach, ach is cosúil nach bhfuil Sinn Féin sásta le rud ar bith chomh héiginnte sin.

Cé go bhfuil riarú cineachta ag teastáil ón DUP sa bhfadtéarma, tá siad sásta go maith faoi láthair go bhfuil tionchar tábhachtach acu i Westminster mar gheall ar na Tóraithe a bheith ag brath orthu i dTeach na dTeachtaí le rialtas a choinneáil.

Is léir anois – go háirithe tar éis an méid a bhí le rá ag Sinn Féin ar ball maidir le riachtanas Acht Gaeilge a bheith ann – nach mbeidh na Poblachtánaigh in ann dul ar ais gan geallúintí cinnte faoi chothromas a bheith bainte amach acu.

Tuigeann an DUP an méid seo, ach is cosúil ar a laghad go bhfuil siad ag iarraidh gan a bheith feicthe ag géilleadh don bhrú.

Ar ndóigh, tá socraithe don Fheidhmeannas ceangailte le scéal mór an Bhreatimeachta – scéal a chuireann Sinn Féin agus an DUP ar thaobhanna caismirte.

Faoi Dheireadh Fómhair is cóir go mbeadh an chéad chéim san idirbheartaíocht curtha i gcrích – agus ábhar ar nós socraithe airgid, cearta saoránaigh agus socraithe in Éirinn réitithe.

Ach tá contrárthacht mhór ann faoi seo.

Baineann socraithe na teorann le cúrsaí trádála, mar baineann sé le hearraí a chur trasna mar aon le ceart taistil ag daoine.

Ach tá an tAontas Eorpach ag diúltú cúrsaí trádála a phlé go dtí go mbeidh socraithe aontaithe faoin trí cheist a luaitear.

Is é sin, ní féidir socraithe teorann a réiteach gan socraithe trádála a réiteach in éineacht, ach ní feidir socraithe trádála a réiteach gan iad a phlé san idirbheartaíocht.

Deirtear nach raibh móran aighnis sna cainteanna reatha faoi cheist na hÉireann, ach níl aon sonraí ar fail faoi na cainteanna céanna.

Go bunúsach tá an tAontas ag baint leas as scéal na hÉireann le brú a chur ar na Sasanaigh géilleadh i dtaobh an Aontas Chustaim ar a laghad – rud nach ndéanfaidís.

Cinnte, tá rialtas na Breataine, is cosúil, ag glacadh leis go mbeidh idirthréimhse dhá bhliain nó mar sin ann sula n-imíonn siad ón Aontas Custaim ar fad, agus deireann Páirtí Lucht Oibre na Breataine sa bhfreasúra go mb’fhéidir gur thréimhse cheithre bhliana ag teastáil.

Tá lucht na hEorpa in Éirinn i ndiaidh léimt air seo mar dheis le neamhní a dhéanamh de Reifreann an Bhreatimeachta ar fad, ach i ndáiríre níl mórán sa difear idir an dá mhór-pháirtí agus tá siad beirt ag glacadh le toradh an reifrinn mar scéal críochnúil.

Fágann an méid seo nach bhfuil aon dul chun cinn le feiceáil ag an bpointe seo, is cuma cé chomh torthúil is a deirtear an idirbheartaíocht a bheith.

Agus de cheal Fheidhmeannais níl aon tionchar ag na Sé Chontae ar an scéal seachas an tionchar atá ag an DUP leo féin.

Tá Sinn Féin ag cloí leis an straitéis gur féidir leas a bhaint as Breatimeacht le hathaontú na tíre a chur ar an gclár oibre.

Cinnte, tá an scéal á phlé go réalaíoch anois mar gheall ar Bhreatimeacht (fáth eile b’fhéidir le fáilte a chur roimh thoradh an reifrinn sa mBreatain).

Ach níl aon chomhartha ann go bhfuil gnáth-aontachtoirí chun droim láimhe a thabhairt don aontas le Sasana le rannpháirtíocht san Aontas Eorpach a choinneáil.

Agus níl aon chomhartha ann go bhféadfaí bunús dlíthiúil a aimsiú don éileamh mór ata acu go mbeidh sainstádas ag an Tuaisceart in aontas na hEorpa tar éis don Bhreatain ar fad imeacht as.

Ciméara atá sa straitéis seo dar liom, a thagann salach ar Chomhaontú Aoine an Chéasta sa mhéid is nach dtugann sé aon aird ar thoil aontachtóirí sa scéal.

Feictear domsa go bhfuil deis mhór caillte, sa méid is go raibh an seans ann éilimh aontaithe ag an dá phobal a dhéanamh le chéile ar rialtas Westminster – maidir le maoiniú Westminster in ionad an mhaoinithe Eorpaigh atá le cailliúint, i gcúrsaí talmhaíochta mar shampla.

Nárbh é sin a bhí i gceist le Feidhmeannas a bhunú, go bhfoghlaimeodh na hAontachtóiri go bhféadfaidís saol níos fearr a bhaint amach trí chomhoibriú lena gcomharsana Caitliceacha?

Ach, is trua an scéal é. Tá an dá thaobh in adharca a chéile agus poirt éagsúla á seinnt acu maidir le Breatimeacht agus éilimh le déanamh ar Westminster.

Is í an fhadhb ná seo: tá Sinn Féin ag iarraidh go bunúsach brú a chur ar rialtas na hÉireann, ach tá an rialtas sin ag brath go huile is go hiomlán ar an Aontas Eorpach nach bhfuil aon spéis bhunúsach acu i gcás na hÉireann.

B’fhéidir gurbh fhiú do Shinn Féin tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar phrionsabail an chomhoibrithe idir an dá phobal ó thuaidh ná bheith ag fágáil thodhchaí na hÉireann i lámha eachtrannaigh san Eoraip, nó i lámha daoine i mBaile Átha Cliath nach bhfeiceann aon bhealach ar aghaidh ach an tAontas Eorpach.

Close
Close