Children In Need - An difear ar an talamh

Bhí oíche mhór ag BBC Children In Need ar na mallaibh agus cuidiú suntasach tugtha arís ag an charthanacht don iliomad grúpaí éagsúla a fheidhmíonn ar son páistí a bhfuil cabhair agus cúnadh de dhíth orthu.

Tugtar maoiniú do bhreis agus 200 grúpa i dtuaisceart na hÉireann, ó dheontais de chúpla míle punt go dtí na mílte punt, chun cuidiú le seirbhísí a chur a fáil do pháistí a bhfuil réimse dúshlán agus riachtanais speisialta acu.

Faigheann Ionad Uíbh Eachach maoiniúchán ó Children in Need chun tacú le níos mó ná 150 páiste a thagann tríd na doirse gach lá agus chun tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí chomh maith.

Labhair muid le Siobhán McKenna ó Children In Need agus le Sue Pentel ó Ionad Uíbh Eachach le níos mó eolais a fháil faoin difear a dhéanann an maoiniú seo do shaol na bpáistí.

Close
Close