Cén dochar a dhéanann an nuatheicneolaíocht dár bpáistí?

Róisín O'Hara

Fuair m’iníon iPod ó Santaí.

Is é a bhí uaithi agus bhí mé sásta go raibh sise sásta.

Tá sí aon bhliain déag d’aois agus is í grá mo chroí - mo ghrian ar maidin, mo sholas san oíche, mo chara beag buan.

Bíonn siad ag iarraidh an rud, ar ndóigh, atá ag a gcairde.

Agus tuige nach mbeadh - nach raibh muid uilig mar a chéile?

Ach, níl muid ár ndóigh.

Sa lá atá inniu ann tá iPods, iPhones, iPads, táibléidí, agus gutháin chliste acu uilig agus is iad atá uathu.

Ní raibh siad againne, agus cé go bhfuil buntáistí móra millteacha leis an nuatheicneolaíocht, cothaíonn sé imní do thuismitheoirí an lae inniu, mé féin san áireamh.

Níl mé ag tabhairt cead di dul ar na meáin shóisialta, rudaí ar nós Snapchat, Facebook agus Instagram.

Is léir go bhfuil go leor dá cuid cairde orthu, agus go leor dá gaolta den aois chéanna.

Níl sí róshásta leis seo, ach tá sí ag glacadh leis.

Míním di go bhfuil ceisteanna ardaithe faoin tsábháilteacht do pháistí dá haois, go mbíonn síad róthógtha leis, go bhfuil an baol ann go mbeadh drochthionchar uirthi, fiú agus gur cailín ciallmhar cliste í.

Labhrann muid faoi, pléann muid é agus glacann sí leis. 

B’fhéidir go bhfuil mé ró-imníoch, meastú?

Tá a fhios agam go bhfuil go leor tuismitheoirí eile a mhaíonn gurb é an bealach is fearr ná iad a ligint orthu mar go bhfuil an nuatheicneolaíocht fite fuaite sa saol anois, nach féidir é a sheachaint agus go gcaithfidh siad foghlaim conas déileáil leis.

Sin argóint láidir, ar ndóigh.

Ach b’fhearr liom féin go seachnófaí iad chomh fada agus is féidir, go dtí go mbeidh sí aibí mar dhuine - go hintleachtúil - agus ó thaobh a tuisceana ar an saol, uirthi féin, ar dhaoine eile, ar mhothúcháin.

De réir scéalta atá cloiste agam ó shin ó thuismitheoirí atá beagáinín chun tosaí orm, tá mé muiníneach as an seasamh atá tógtha agam.

Nuair a thagair mé dó seo ar mo leathanach Facebook le deireanas, chuir sé iontas orm an méid diospóireachta a tharraing sé agus is léir gur abhar é atá ag cur as do go leor tuismitheoirí.

Deir máthair amháin go bhfuil sí trína chéile - go bhfeictear di go bhfuil a déagóir ag caitheamh i bhfad níos ama i mbun cumarsáide lena haoisghrúpa féin ar líne ná le daoine thart uirthi i.e a clann, a muintir, a seanmuintir.

“Tá sí ag cailleadh amach ar rud éicint ana-thabhachtach sa saol,” a deir an mháthair seo “agus níl fhios agam céard is féidir liom a dhéanamh faoi!”

Dar le hathair amháin bhí drochthionchar amach is amach ag Snapchat agus Instagram ar a iníon.

“Bhíodar ag cur rudaí maslacha ag a chéile ar Snapchat,” a deir sé, “rudaí a bhí fhios acu a scriosfaí tar éis soicind nó dhó agus nach mbeadh aon fhianaise ann, ach bhí sé ag goilliúint go mór ar m’iníon mar sin ní théann sí air níos mó. Cinnte, tá baol bulaíochta i ngach áit ag an aois sin ach tá sé deacair éalú uaidh arlíne.”

Ach, cad a deir na saineolaithe?

I suirbhé a rinne an Royal Society for Public Health sa Bhreatain le gairid, tuairiscíodh gurb é Instagram an ceann is measa ó thaobh meabhairshláinte de.

Is cosúil go bhfuil ráta ard bulaíochta ag baint leis chomh maith le ráta ard den ghalar dubhach agus buairt.

Ach is rud is suimiúla atá ráite le gairid ná an iarracht atá á dhéanamh ag infheisteoirí de chuid Apple - an comhlacht teicneolaíochta is mó ar domhan - a chur ina luí ar an gcomhlacht féin gníomhú láithreach chun páistí a chosaint i gcoinne an chlaonta andúileachta a bhaineann leis an iFón.

Tá lucht táirgíochta ag glacadh freagrachta anois as cad atá ar siúl.

Tá siad ag rá go bhfuil na bogearraí seo cruthaithe sa gcaoi is go músclaíonn siad dopaimín san inchinn, rud a thugann ar ais muid arís agus arís eile – díreach ar nós drugaí.

Ag tagairt dó seo in agallaimh le Axios.com dúirt Seán Parker, an chéad Uachtarán ar Facebook, “God only knows what it’s doing to our children’s brains”.

An fhadhb, ar ndóigh, ná go bhfuil an teicneolaíocht ag forbairt chomh scioptha sin go bhfuil sé deacair aon staidéar ceart a dhéanamh ar a tionchar, agus dá réir, ní bheidh a fhios againn cén bealach a rachaidh sé i bhfeidhm ar ár bpáistí go dtí go mbeidh sé ródhéanach, b’fhéidir.

Tá mise chun mo sheacht míle dícheall a dhéanamh, ar aon chuma, mo chuid féin a chosaint agus coinneoidh mé ó na meáin shóisialta iad chomh fada agus is féidir liom.

B’fhéidir go dtabharfainn féin an sampla céanna di.

Anois, sin rún nua athbhliana!

Close
Close