Cúlráid midheamhna 10 lá

Cúlráid midheamhna 10 lá

Katie McGreal

D’inis cara liom faoi chúlráidí ciúnais a dhéanann sí san Ind thart ar dhá bhliain ó shin.

Chuir mé féin spéis sa mhidheamhain thart ar an am céanna. Bhí spéis agam sna cúlráidí seo ach ní raibh mé in ann teacht ar aon cheann in Éirinn. Ní raibh a fhios agam ag an am an ndéanfaidh mé féin é ach bhí mé fiosrach.

Thart ar bhliain i ndiaidh sin, chas mé le bean a chríochnaigh cúlráid midheamhna ciúnais 10 lá i nDroichead Átha. Tamall i ndiaidh sin, chuaigh mé ar Google agus chuir mé ‘silent retreat Drogheda, Ireland’ istigh ann.

Tháinig mé ar ‘Vipassana Meditation’ agus tá grúpa dóibh lonnaithe in Éirinn. Déanann siad cúrsaí deich lá agus cúrsaí trí lá ach níl cead agat páirt a ghlacadh sna cúrsaí trí lá go dtí go bhfuil ceann deich lá déanta agat.

Bliain ina dhiaidh sin, thiomáin mé ó Bhaile Átha Cliath go Droichead Átha ar Lá Fhéile Stiofáin le páirt a ghlacadh i gcúrsa deich lá.

Ar an gcéad lá bhí cead againn labhairt le daoine eile ar an gcúrsa ach ón gcéad oíche ar aghaidh, ní raibh cead. Labhair an múinteoir linn chun an teicníc midheamhain a mhíniú dúinn agus bhí cead againn labhair le bainisteoirí an chúrsa dá má rud é go raibh rud ar bith uainn.

Ní raibh muid in ann súil teagmháil a dhéanamh le duine ar bith eile. Bhíomar le ligint orainn féin go raibh muid ar an gcúrsa seo go hiomlán linn féin. Bhí muid ag fiosrú ár intinn féin agus ní raibh gá le rud ar bith a gcuirfidh isteach ar sin.

Bhí sé spéisiúil a bheith i mo chónaí le daoine agus gan aithne agam orthu. Bhí ochtar againn ag fanacht in aon seomra amháin agus mar sin chuir mé aithne éigin orthu ach ní sa ghnáthbhealach. Bhí sé an-spéisiúil labhair leo ar an lá deireanach.

Ag thart ar an naoi an chloig sa mhaidin ar an lá deireanach, bhí cead againn labhairt leis na rannpháirtithe eile. Bhí lucht an chúrsa ag iarraidh nach mbeadh sé chomh deacair sin orainne an lá dár gcionn nuair a bhí muid ar ais sa fíorshaol. Bhí comhráití iontach spéisiúil agam ar an lá sin, níor labhair muid faoi gnáthrudaí an saoil. Labhair muid faoin eispéaras a bhí againn agus faoin taithí agus an turas a ndeachaigh muid ar fad tríd le chéile.

Le linn an chúrsa, bhí beagnach gach lá díreach mar an gcéanna. Thosaigh sé ag 4rn. Bhí leathuair an chloig againn le fáil gléasta agus ansin ó 4.30 go dtí 6.30 bhí orainn midheamhain a dhéanamh. Bhí cead againn é a dhéanamh sa halla midheamhna nó in áit ar bith eile. Tar éis an chéad cúpla lá bheartaigh mé go raibh mé níos compordaí i mo shuigh ar an leaba ná ar an gcathaoir sa halla midheamhna.

Bhí trí uair an chloig gach lá ina raibh ort a bheith sa halla leis an midheamhain a dhéanamh ach seachas sin bhí cead agat é a dhéanamh leat féin.

Bhí a fhios agam go mbeadh an cúrsa an-dian ar mo chorp. Bhí a fhios agam go mbeadh sí an-pianmhar a bheith i do shuigh ar feadh 10 uair an chloig in aghaidh an lae. Thuig mé é ar bhonn oideachasúil ach níor thuig mé é ar bhonn praiticiúil.

Labhair siad faoi tuiscint a fháil ar rudaí trí thriail a bhaint astu le linn an chúrsa. B’ea an phian an chéad sampla a bhfuair mé de sin.

Ar feadh an chéad trí lá, ní raibh m’intinn réidh don mhidheamhain, níor stop mé leis na smaointe agus bhí sé deacair orm díriú ar an análú. Tar éis trí nó ceathair lá bhí m’intinn réidh dó ach ní raibh mo chorp ag iarraidh leanacht ar aghaidh.

Tháinig pian lofa i mo ghuaillí. Ní raibh mé ag siúl leis ar chur ar bith agus níor shíl mé go d’fhéadfaidh mé leanacht leis.

Thosaigh mé ag smaoineamh faoi na rudaí a bhíomar ag foghlaim; tarlaíonn rudaí sa saol, tagann rudaí aníos ar feadh tamaill agus ansin imíonn siad. Níl rud ar bith buan; rudaí maithe agus rudaí olc. Thuig mé céard a bhí i gceist acu ansin. Ní fhanfaidh an pian seo go deo, imeoidh sé. Bhí mé ag iarraidh fáil amach an raibh an ceart acu. An t-aon bhealach leis sin a dhéanamh ná leanacht leis.

Chuaigh mé síos go dtí an halla midheamhna tar éis sosa an lá sin agus shuigh mé síos. Le linn an seisiúin, rinne mé mar a d’iarr siad orm; bhreathnaigh mé ar gach píosa de mo chorp, an pian san áireamh. Bhreathnaigh mé ar na mothúcháin ar fad a bhí ann agus bhog mé ar aghaidh.

Ní hea gur imigh an phian ar fad ach bhog sé. Chaith mé an chuid eile den chúrsa ag breathnú ar an bpian ar fad a bhí i mo chorp; an phian lofa agus an phian beag. Bhreathnaigh mé orthu ar fad agus chonaic mé iad ag bogadh thart. Chonaic mé chuid acu ag imeacht go hiomlán. Uaireanta d’imigh siad tar éis dom tuiscint éigin a bhaint amach agus uaireanta eile d’imigh siad tar éis dom caoineadh.

Níor chaith mé an oiread sin ama riamh ag breathnú ar mo chorp féin agus ar na bealaí ar fad go n-oibríonn sé agus na háiteanna ar fad go gcoinním mothúcháin agus smaointe. D’fhoghlaim mé níos mó faoi mo chorp sa deich lá sin ná gur d’fhoghlaim mé le 26 bliain anuas.

Deirfinn gurb iad an 10 lá sin an 10 lá is deacra a bhí agam go dtí seo ach an 10 lá is fiúntaí freisin. D’fhoghlaim mé neart fuaim féin, neart faoi mhidheamhain agus chas mé le an-chuid daoine suimiúla. Eispéaras iontach a bhí ann agus molfainn go hard do gach duine é.

Tá tuilleadh eolais faoin eagraíocht agus faoi na cúrsaí go hidirnáisiúnta ar fáil ar an suíomh www.dharmma.org agus eolas faoi chúrsaí in Éirinn ar an suíomh www.ie.dharmma.org.

Close
Close